Naomh Ruadhán
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Cúige Laighean |
| Bás | 15 Aibreán 584 |
| Ab | |
| | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | duine rialta |
| Ball de | |
| Ardú | |
| Lá féile | 15 Aibreán |
Ab Éireannach ba ea Naomh Ruadhán (Sean-Ghaeilge: Ruadán mac Fergusa Birn). Bhunaigh sé Mainistir Lothra i gContae Thiobraid Árann, láimh le Tír Dhá Ghlas, agus fuair bás ar an 15 Aibreán 584. Bhí cáil na fáistine air, agus tar éis a bháis tugadh urraim do mar naomh agus mar dhuine de “Dhá Aspal Déag na hÉireann”. Is é an cúigiú lá déag d’Aibreán a fhéile.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Ruadhán i dTeamhair agus fuair oideachas ó Naomh Fionnán i gCluain Ioraird i gContae na Mí. Deirtear gur tháinig sé in áit Naomh Breandán ag Lothra, agus go ndeachaigh Breandán thar Sionainn siar agus bhunaigh mainistir i gCluain Fearta i gContae na Gaillimhe. Bhunaigh Ruadhán mainistir i Lothra agus dhá chéad is caoga manach ann. Tá ráth ann fós. Is minic a d’fhásfadh sráidbhaile thart ar mhainistir, rud ba chúis le sráidbhaile Lothra a chur ar bun, is dócha.[1]
Deirtear go cailleadh Ruadhán i mainistir Lothra ar an 15 Aibreán 584, agus cothrom an lae sin a chomórtar a fhéile.[2]
Tairngreacht Ruadháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]
In 556 thug Ruadhán cuairt ar an rí Diarmait mac Cerbaill (Diarmaid mac Cearbhaill) i dTeamhair, agus fáisceadh scéal as sin faoi mhallacht a cuireadh ar Theamhair. Sháraigh an rí tearmann na hEaglaise trí bhreith ar bhrá a bhí faoina cosaint siúd, agus thairngir Ruadhán go maródh maide mullaigh rítheach Teamhrach an rí, rud a thug air siúd an maide a chaitheamh isteach san fharraige. Chuaigh sé i gcomhairle lena dhraoithe ansin, ag iarraidh orthu a dhéanamh amach conas a gheobhadh sé bás. Dúirt siad gur marú, bá agus dóiteán a thabharfadh a bhás agus gurbh iad comharthaí an bháis sin léine a d’eascair ó shíol amháin lín, brat a rinneadh as olla caora amháin, leann a rinneadh as síol amháin arbhair, agus bágún de chuid cránach nár rug ál banaí. Ag tabhairt chuairt na hÉireann do Dhiarmaid shroich sé rítheach Bhanbháin ag Ráith Bec. Bhí maide mullaigh Theamhrach faighte ar ais ón bhfarraige ag Banbhán agus tógtha suas ina theach, agus tugadh an léine, an brat, an leann agus an bágún don aoi. Bhí Diarmaid chun an teach a fhágáil, ach d’fhan Áed Dubh (Aodh Dubh) cois dorais, bhuail Diarmaid agus chuir an teach trí thine. Shleamhnaigh Diarmaid isteach i ndabhach agus é ag éalú ón tine, ach thit an maide mullaigh agus maraíodh é. Bhí sé ráite ag Ruadhán cheana go ndéanfaí fásach de Theamhair, mar a deirtear in “Betha Ruadhain” in Beathada Náem nÉrenn (Beathaí Naoimh Éireann)[4]
- Bidh fás Temhair ile ced m-bliadan resanní-sin’, ar se, ‘& ní ros-aittrebha nech iar sin co ricce an m-bráth.
Aisling Tundail (Visio Tnugdali)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luaitear Ruadhán in Visio Tnugdali, saothar reiligiúnda de chuid an 12ú haois a chuireann síos ar aisling an ridire Éireannach Tnugdalus (ó “Tnúdgal” i Meán-Ghaeilge, nó “tnúth-ghal”). Bhí an-ghlaoch ar an scéal seo ar fud na hEorpa, agus tiontaíodh é go Gaeilge agus go mórán teangacha eile. Tugtar Tnugdalus trí ifreann agus anonn chun glóire Dé, agus buaileann sé le Ruadhán, a phatrún ar neamh.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "St. Ruadhan", Lorrha Dorrha
- ↑ Monks of Ramsgate. "Ruadhan". Book of Saints, 1921. CatholicSaints.Info. 13 April 2017
- ↑ Anderson, Joseph (1881). "Scotland in early Christian times": 186-187,199, 214-215. D. Douglas.
- ↑ Bethada Náem nÉrenn, Beatha 17: https://celt.ucc.ie/published/G201000/text017.html
- ↑ Aisling Tundail: https://celt.ucc.ie/published/G207009A/text024.html.
- ↑ Cum autem ita esset, affuit ei sanctus Rudanus confessor, cum magna leticia salutans eam et amplectens intime caritatis visceribus ait ‘Dominus custodiat introitum tuum et exitum tuum ex hoc nuc et usque in seculum! Ego sum (ait) Rudanus patronus suus, cui iure debitor es sepulture.’ Et cum dixisset, stetit nil amplius dicens. Visio Tnugdali, edidit Oscar Schade, MDCCCLXIX: Commentatio seorsim edita ex programmate Universitatis Albertinae: Prostat Halis Saxonum in Libraria Orphanotrophei.
Príomhfhoinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aided Díarmata meic Cerbaill ("Oidhe Dhiarmada mhic Chearbhaill") (an chéad leagan), curtha in eagar agus aistrithe ag S.H. O'Grady, Silva Gadelica. London, 1892. Vol. I: pp. 72–82; vol. II: pp. 76–88. Féach Cycles of the Kings ar shuíomh Dan Wiley.
- Aided Díarmata meic Cerbaill ("Oidhe Dhiarmada mhic Chearbhaill") (an dara leagan). Féach Cycles of the Kings ar shuíomh Dan Wiley.
- Comlond Díarmata meic Cerbaill fri Rúadán ("Coimhlint Dhiarmada mhic Chearbhaill le Ruadhán"). Féach Cycles of the Kings ar shuíomh Dan Wiley.
- Betha Ruadhain, eag. Charles Plummer et al. Bethada Náem nÉrenn. Oxford: Clarendon Press, 1922. Féach eagrán ar líne ag CELT.
Foinsí tánaisteacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. B.T. Batsford, London, 1973. ISBN 0-7134-5882-8