Ciarán Saighre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Naomh Ciarán Saighre)
Jump to navigation Jump to search

Is naomh é Ciarán Saighre (nó Ciarán Saighir, Ciarán mac Luaigne; Laidin: KyaranusCiaranus Maior). Bhí Ciarán Saighre mar Easpag Éireannach sa 6ú haois[1].

Is ceann de na Dhá Aspal Déag na hÉireann é. Airítear é mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sula dtáinig Naomh Pádraig.

Glaoitear Ciarán Saighre chun difir a dhéanamh idir é féin agus Naomh Ciarán Óg as Cluain Mhic Nóis.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is i nOileán Chléire i gContae Chorcaí a rugadh Naomh Ciarán Saighre.

Chuaigh Ciarán Saighre go dtí an Mhór-Roinn, áit ar baisteadh é agus inar oirníodh é ina shagart agus ina easpag. D’fhill sé ar Osraí, ceantar dúchais a athar, agus chaith sé seal ina dhíthreabhach ach bhailigh deisceabail timpeall air agus i gceann tamaill bhí mórchlú ar an mainistir sin a bhí i Saighir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]