Naoise Dolan
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1992 33/34 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Ollscoil Oxford |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Litríocht |
| Gairm | úrscéalaí, scríbhneoir |
| Teangacha | Béarla |
| Gníomhaire | David Higham |
Is úrscéalaí Éireannach í Naoise Dolan. Scríobh sí an leabhar iomráiteach Exciting Times.[1]
Luathshaol agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as Baile Átha Cliath di, ach chaith sí tréimhse ina cónaí i Hong Cong, san Iodáil, i Singeapór agus i Sasana chomh maith.[1] Bhain sí céim Béarla amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa bhliain 2016[2] agus thuill sí máistreacht i litríocht Victeoiriach ó Ollscoil Oxford.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "Naoise Dolan: 'I'm not good at presenting myself as likable'" (en). the Guardian (2020-04-19). Dáta rochtana: 2020-07-23.
- ↑ IMAGE. "Meet author Naoise Dolan – the Irish fiction newcomer that everybody's talking about". IMAGE.ie. Dáta rochtana: 2020-07-23.
- ↑ "All off script... Meet Naoise Dolan, the funniest writer you will read this year" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-07-23.