Na hEalaíona i Luimneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Tá suim bhríomhar ins na h-ealaíona i Luimneach, an ceathrú cathair is mó in Éirinn agus an tríú ceann is mó sa Phoblacht agus tá oidhreacht láidir aici sa cheol agus sa litríocht. Cuidíonn na cúrsaí airdoideachais in Ollscoil Luimnigh agus i gColáiste Ealaíona Luimnigh le staideas an chathair mar ionad tabhachtach i ngach rannóg na n-ealaíona.

Dráma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Ionad Ealaíona an Bhelltable ar Shráid Uí Chonaill príomh-láthair drámaíochta na cathrach ach úsáidtear amharclanna eile chomh maith. Is féidir le slua féachanna suas le 1,800 daoine Halla Ceoil na hOllscoile a úsáid, tá Buíon Drámaíochta Impact bunaithe i Halla an Chorráin sa Chorráin agus baineann Buíon Drámaíochta an Oileáin úsáid as sean-Séipéal Mhainchin ar Shráid an Chaisleáin ó am go h-am.

Tá clú bainte amach ag beirt drámadóirí reatha as Luimneach faoi dhrámaí as Béarla atá bunaithe i saol na cathrach. Scríobh Maidhc Ó Finn Pigtown, cúntas staire di, agus Shock and Awe agus tá Alone It Stands le Seán Ó Braoin bunaithe ar bhua foireann Rugbaí na Mumhan ar an Nua-Shéalainn sa bhlian 1978.

Áras Bóirmhe, Sráid Mhulgrave, Luimneach i mí Aibreáin 2007, áit breithe Cháit Ní Bhriain sa bhliain 1897.

Fuirseoiri mór le rá iad Páid Ó Géaráin agus Seán Ó Cionnaith a bhfuil cónaí orthu i dtimpeallacht Luimnigh. Cé go bhfuil said ag obair leo féin anois, scríobhadar seóanna ar nós d’Unbelievables agus The Glengooly Gala Night. Tá cáil bainte amach chomh maith ag Páid Ó Géaráin mar aisteoir i scannáin ar nós Man Bites Dog (2004) agus Garage (2007).

Scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl aon tionscal lán-aimsearach scannán sa chathair ach deineadh dhá phríomhscannán inti le déanaí. Tá Angela’s Ashes (1999) bunaithe ar scéal Frank McCourt faoin a óige i Luimneach i mblianta na 1930í agus na 1940í. Tá Cowboys & Angels (2003), scannán an stiúiritheora Luimníoch Daithi Ó Gliasáin, bunaithe ar saol mic-léinn Coláiste Ealaíona Luimnigh, agus scaoileadh The Front Line, dara scannán an Ghliasánaigh sa bhlian 2006.

Rugadh an aisteoir cáiliúil Risteárd Ó hEarcha (1930-2002), réalt scannán mar The Field, This Sporting Life, The Wild Geese, Camelot agus Lord of the Rings, i Luimneach. B'as Cill Mhuire, Caladh Ui Threoigh ar dtús an stiúiritheoir telefíse Labhrás Ó Dubhchonna (1924-1982) (Lawrence F. Doheny as Béarla a dhein srath-chláracha móra blianta na 1970í ar nós Magnum PI, The Rockford Files agus Charlie's Angels.

Ritheadh an chéad Fleadh Scannán Luimnigh in Ollscoil Luimnigh i mí na Márta 2007.

Ealaíon Físeach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhartha cuimhneacháin ar Uimhir 4, Sráid Phádraig, Luimneach i mí Aibreáin 2007, inar rugadh an amhránaí cheoldráma Cáitríona Ní hAodha sa bhliain 1818.

Tá Gailearaí Ealaíona Cathrach Luimnigh suite i gCearnóg an Phoirigh agus tá bailiúcháin d’ealaíon na hÉireann on 18ú go dti an 20ú aois le feiscint ann. Bíonn taispeántais sealdacha le feiscint ann i rith na bliana.

Tá an Gailearaí Náisiúnta Féin-Phortráid bunaithe in Ollscoil Luimnigh agus tá fás suantasach tar éis teacht ar an mbailiúcháin ón a bhunú ag an Dr. Éamonn Breathnach agus Pádraig Ó Cnáimhsigh i mblianta na 1970í.

Rithtear an EV+A (Exhibition of Visual+ Art as Béarla) sa chathair gach blian agus is ceann des na taispeántaisí éalíona chomhaimseartha is tabhachtaí in Éirinn é.

Rugadh Seán Céitinn (1899-1977), ceann des na péintéirí is cáiliúla in Éirinn i gcéad leath an 20ú aois, i Luimneach.

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá suim i ngach saghas ceol i Luimneach. B'as Luimneach í Cáitríona Ní hAodha (1818-1861), amhránaí cheoldráma an 19ú aois.

Is iad na Cranberries (sna 1990í) agus na Granny’s Intentions (sna 1960í) na grúpaí is mó le rá a tháinig on gacthair. Tá clú mór bainte amach ag Micheál Ó hÁinle mar scríbhneoir ceol tire agus b’iad na Monarchs an buíon Luimníoch is cáiliúla ó Ré na Showbands.

Is as Luimneach freisin Ciarán Mac Mathúna, láiritheoir ceol traidisiúnta ar Raidio Éireann le blianta.

Tá Orchestra Seomra na hÉireann agus Ionad Ceol Domhain na hÉireann bunaithe in Ollscoil Luimnigh agus tá clú ar leith bainte amach ag Micheál Ó Súilleabháin, Stiúiritheoir Roinn Ceoil na hOllscoile.

Sé Halla Ceoil na hOllscoile príomh-ionad ceol claisiceach agus mór-seóanna ceol chomhaimseartha na cathrach, cloistear ghrúpaí nua in ionaid mar Dolan’s Warehouse ar Bhóthar na nDuganna agus is i dtithe tábhairne mar Nancy Blake’s ar Shráid na Danmhairge a chloistear seisiúin ceoil traidiisiúnta.

Prós agus Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séipéal Eoin sa bhlian 1982. Ath-thógadh san 18ú aois í. Dhún Eaglais na hÉireann í sa bhlian 1970 agus úsáidtear mar ionad rinnce Daghda anois í

Gach oíche dé Chéadaoin, bailíonn grúpa filíochta le chéile i dtigh tábhairne an Tigh Bán ar Shráid Uí Chonaill. Tá grúpaí scríbhneora próis gníomhach sa chathair freisin.

I measc údar cáiliúla na cathrach tá Cáit Ní Bhriain (1897-1974) agus Michéal Ó Cruitín agus an file Nuala Ní Dhomhnaill (1952- ). Fuair Brian Mac Giolla Meidhre (1745-1805), a scríobh an dán Cúirt an Mheánoíche, bás sa chathair.

Rinnce[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Buíon Daghda, grúpa rinnce chomhaimseartha faoi stiúiriú Mháire Ní Nuanáin, bunaithe i Séipéal Eoin i gCeárnóg Eoin.

Glaotar Fallaí Luimní ar an rinnce seit traidisiúnta is cáiliúla in Éirinn.