Labhrás Ó Dubhchonna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLabhrás Ó Dubhchonna
Beathaisnéis
Breith1927
Bás1987
59/60 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir scannán, stiúrthóir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0230529 Cuir in eagar ar Wikidata

scannáin agus teilifíse ab ea Labhrás Ó Dubhchonna (1924-1982) (Lawrence F. DohenyLarry Doheny as Béarla).

Rugadh i gCill Mhuire, Caladh Uí Threoigh, lámh le Cathair Luimnigh é ar an 14ú Bealtaine 1924 é ach d'imigh a mhuintir go Meiriceá agus é ina óige. Tar éis freastal i bhfórsaí Meiriceá le linn an Dara Cogadh Domhanda, chuir sé faoi i Los Angeles.

Scríobh sé agus stiúir sé a chéad scannán The Teenage Millionaire sa bhliain 1961 ina raibh páirt ag iar-sheaimpín dornála an domhain Rocky Graziano. Ach b'as a chomh-obair le léiritheoiri móra teilifíse Hollywood ar nós Glen A. Larson, Ivan Goff agus Roy Huggins ar bhain sé clú amach mar stiúrthóir srath-cláracha bleachtaireachta i mblianta na 1970í. Ina measc siúd, bhí sraitheanna cáiliúla ar nós Magnum, P.I., The Rockford Files, Quincy M.E. agus Charlie's Angels.

Fuair sé bás go tobann in aois 58 bliana ar an 7ú Meán Fómhair 1982 agus é fós ag obair ar Magnum, P.I..

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]