Na focail is faide sa Ghaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is iad seo na focail is faide sa Ghaeilge. An focal is faide dá bhfuil sa bhunachar téarmaíochta téarma.ie ná: déchlóraidéfheiniltríchlóireatán. Tá 32 carachtar ann. Is é an Béarla atá air ná dichlorodiphenyltrichloroethane, nó DDT mar is fearr aithne air. Seans gurb é 'príomhghrianghrafadóireacht' an focal is faide ar téarma.ie nach mbaineann leis an gceimic.

Tá focail fhada eile ann, leis.

  • maighnéadaihidridinimic
  • steirnicléideamastóideach
  • glúcacortacaistéaróideach
  • leasphríomhfheidmeannach
  • aerghrianghrafadóireacht

Seo roinnt as liosta gaelspell.

  • tarraingeoireachtaí
  • ardteistiméireachtaí
  • ghearr-chlóscríobhaí
  • paraimhíochaineoirí
  • neamhchoinbhinsiúnaí
  • leictreaphlátálfaidís
  • d'fhótachóipeálfaidís
  • thimpeallghearrfaidís
  • phríomhghníomhaireachtaí
  • dhí-ocsairibeanúicléasaigh
  • bhfrithsceimhlitheoireachta
  • ghearr-chlóscríbhneoireachta

FGB neamhchorrabhuaiseach = nonchalant, self-possessed, unperturbed

Na focail is faide sa Ghaeilge gan an litir chéanna ann faoi dhó: contaebhuirg, múnlóireacht, fondúireacht, prionsúlacht (nó fiú "bprionsúlacht"). Má cheadaítear a/á, e/é, srl. san fhocal céanna, is é "béalscrúduithe" (nó "mbéalscrúduithe") is faide.

Focail níos sine[cuir in eagar | athraigh foinse]

LEIDHBREIPSGÍSEINGEALLÚTOISDIOGH http://dil.ie/6608

FIANAMAILECHARADHARTAI http://dil.ie/21952

Is cosúil ón gcur síos i bhFoclóir eDil gur geáitsíocht filíochta agus carnadh siolla faoi ndear iad.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]