Na daonlathaithe sóisialta (an tSualainn)
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Ainm gearr | S | ||||
| Cineál | páirtí sóisialach daonlathach páirtí polaitíochta | ||||
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas sóisialach sóisialachas daonlathach | ||||
| Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 23 Aibreán 1889 | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Ball de | Páirtí na Sóisialaithe Eorpach An tAontas Forásach Labour and Socialist International (en) | ||||
| Ballraíocht | 75,000 (2020) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Uachtaránacht | Magdalena Andersson (2021–) | ||||
| Ardrúnaí | Lena Rådström Baastad | ||||
| Ógeagraíocht | Swedish Social Democratic Youth League (en) | ||||
| Úinéir de | |||||
| Parlaimint na Sualainne (2025) | |||||
| Eile | |||||
| Dath | | ||||
| Uimhir teileafón | +46-8-700-26-00 | ||||
| Suíomh gréasáin | socialdemokraterna.se | ||||
Is páirtí polaitíochta Sualannach é Na Daonlathaithe Sóisialta (Sualainnis: socialdemokraterna). Bunaíodh sa bhliain 1889 é. Is é an páirtí is mó sa tSualainn é, agus is íh Magdalena Andersson ceannaire an páirtí ó bhí 2021 ann. Is páirtí daonlathach sóisialach é.

Tá an páirtí i bhfabhar stát leasa, geilleagar measctha, agus ardchánachas. Rialaigh sé rialtas na Sualainne ar feadh formhór an 20ú haois, ceithre huaire ó 1920 go 1926, ansin 1932-1936, 1936-1976, 1982-1991 agus 1994-2006. Chum Príomh-Aire agus ceannaire an pháirtí Per-Albin Hansson an smaoineamh “baile na muintire” (Sualainnis: Folkhemmet), smaoineamh faoi stát leasa Sualannach, le comhoibriú, sábháilteacht, agus gan córas aicmeach.[1] Tharlódh é le leanúnach athchóiriú sóisialta agus méadú leasa laistigh de chreat caipitlíoch i ndiaidh an Spealaidh Mhóir agus an Dara Cogadh Domhanda faoi na Príomh-Airí Per-Albin Hansson (1932–1936, 1936–1946), Tage Erlander (1946-1969), agus Olof Palme (1969-1976, 1982-1986).[2]
Bhog an páirtí go dtí an lár i rith na 1990idí faoi Göran Persson (Príomh-Aire 1996-2006) le polasaithe déine caiteachais de réir mar a bhí an geilleagar ag dul in olcas. Rialaigh an páirtí le páirtí na timpeallachta (Sualainnis: Miljöpartiet) ó 2014 go 2022. Sa bhliain 2021, ainmníodh Magdalena Andersson ceannaire an pháirtí agus an chéad phríomh-aire baineann sa tSualainn.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Folkhemmet" (sv). SO-rummet (2023-08-23). Dáta rochtana: 2023-08-31.
- ↑ Text-Torbjorn Nilsson 6 juli 2010 URL copied to clipboard (2010-07-06). "Socialdemokraterna – folkhemmets byggherrar" (sv). Populär Historia. Dáta rochtana: 2023-08-31.
- ↑ "Magdalena Andersson | Biography, Husband, & Resigns | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2023-08-31.