Jump to content

Na Máighigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaNa Máighigh

Cineálsibhialtacht, stíl, cultúr, grúpa, sibhialtacht ársa agus ré réamh-Cholómach
Tréimhse2 mílaois "RCh" - 1521
Ó dhúchasleithinis Yucatán
IlchríochMeiriceá Láir
Léarscáil a thaispeánann dáileachán na Máigheach i ndeisceart Mheicsiceo agus sna tíortha ina aice

Grúpa eitneach iad na Máighigh[1] a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha Mheicsiceá inniu, is é sin, Chiapas, Tabasco agus stáit Leithinis Yúcatan, mar atá, Yucatán, Quintana Roo, agus Campeche. Ba iad na Máighigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i Meiriceá Theas ar éirigh léi teanga scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh.

Tá clú agus cáil ar réalteolaíocht, ealaín agus ailtireacht na Máigheach chomh maith. Bhí na Máighigh i síortheagmháil le sibhialtachtaí eile an réigiúin, agus níorbh iad féin a chéadcheap an scríbhneoireacht ná an féilire ansin, ach rinne siad an-fhorbairt ar na bunsmaointe a fuair siad ó na sibhialtachtaí eile.

Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigheach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigheach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa tSalvadóir, i Hondúras agus i nGuatamala- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháighigh.

Tulum i dtuaisceart Yúcatan. Bhí Tulum ar na cathracha deireanacha Máigheacha a raibh daoine ina gcónaí iontu go fóill nuair a tháinig na Conquistadores go dtí an tOileán Úr. Is dealraitheach gur shiúil éag mór ar mhuintir na háite go gairid ina dhiaidh sin, de dheasca na ngalar nua a tháinig sna sálaí ag na Spáinnigh.

Tháinig sibhialtacht na Máigheach i gcrann sa tréimhse réamh-Chlasaiceach ó 2000 RC go 250 AD, agus ba iad na blianta ó 250 AD go 900 AD bláth Clasaiceach na Máigheach. San ochtú agus san naoú haois, áfach, thosaigh an tóin ag titim as an tsibhialtacht Mháigheach i ndeisceart an réigiúin. Is dealraitheach gur rith an bia gann ar na Máighigh ansin ar chúiseanna éiceolaíochta - b'fhéidir go raibh na Máighigh i ndiaidh an iomarca foraoise a leagan, rud a chuir an aeráid ó mhaith ar na barraí - agus gur thréig siad na cathracha ar lorg bia. Mar sin féin, mhair iarsmaí na sibhialtachta seo i dtuaisceart Yúcatan go dtí gur tháinig na Spáinnigh ag forghabháil na hilchríche.

Labhraítear teangacha Máigheacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne agus tuiscint cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháighis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháighis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga Yucatec, agus í le cloisteáil i Leithinis Yúcatan.[2][3]

Sa bhliain 2006 rinne Mel Gibson scannán faoi laethanta deireanacha na sibhialtachta Máighí roimh theacht na Spáinneach, faoin teideal Apocalypto. Ba í an teanga Yucatec an t-aon teanga a bhí le cloisteáil ar an scannán, agus fotheidil ag dul leis an gcomhrá. Bhí na léirmheastóirí idir eatarthu faoin scannán. Dúirt cuid acu go raibh an-chraiceann fírinne ar an scannán, ach fuair an chuid eile locht ar an gcur síos a thug an scannán ar íobairt na ndaoine: bhí sé ní ba chosúla le nósanna na nAstacach, dar leo.

  1. “Máigheach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-20.
  2. Población hablante de lengua indígena de 5 y más años por principales lenguas, 1970 a 2005 INEGI
  3. Gordon, Raymond G., Jr. (ed.). Ethnologue, (2005).