Goit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Na Goit)
Léiríonn an ceantar sa dath uaine leathnú geografach traidisiúnta na Gotlainne. Léiríonn an ceantar sa dath dearg leathnú geografach 'Chultúr Willenberg' go dtí tús an 3ú haois, agus an ceantar sa dath flannbhuí an 'Chultúr Tschernjachow', ag tús an 4ú haois agus an dath corcardhearg Impireacht na Róimhe.

Ba threibh ilchineálach oir-Ghearmánach iad na Goit. Bhí ról tábhachtach ag dhá cheann dá ghéaga, na Viseagotaigh agus na hOstrogotaigh, le meath Impireacht na Róimhe san Iarthair agus dul chun cinn na hEorpa Meánaoisí. Bhí na Goit i gceannas ar limistéar ollmhór,[1] a d'fhéadfadh a bheith nuair a bhí sé in ard a réime, faoi réim an rí Ghearmánaigh Ermanarich agus a fho-rí Athanarich, leathnaithe ón Danóib go dtí an Don, agus ón Mhuir Dhubh go dtí an Mhuir Bhailt,[2] ar a bhuaic.

Labhair na Goit an teanga Ghotach, ceann de na teangacha Oir-Ghearmáineacha atá imithe in éag, a labhraíodh sa Chrimé sa 18ú haois ag Goit na Crimé; an dream Gotach is lú cumhachta, is lú aithne, agus aisteach go leor, an pobal Gotach is faide buan.

Tá an cultúr seandálaíochta 'Willenberg' (nó Die Willenberg-Kultur sa Ghearmáinis), comhcheangailte le theacht na nGot, agus a fhormhéadú leis an phobal dúchasach ina dhiaidh sin. Ó lár an dara haois ar aghaidh, chuaigh fo-bhuíonta na nGot seo ar imirce i dtreo an oirdheiscirt taobh le chúrsa abhann na Viostúile, ag baint an Scitia amach ar chósta na Mara Duibhe. Tá iarsmaí seandálaíochta fágtha acu bainteach leis an 'Chultúr Tschernjachow' (nó Die Tschernjachow-Kulturan sa Ghearmáinis) i Úcráin an lae inniu.

Sanasaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Götaland, i ndeisceart na Sualainne, le h-oileán Gotland san oirthear, bunús féideartha na nGot; Ní raibh na codanna is faide ó dheas agus is faide siar, Scania, Halland, Blekinge and Bohuslän, mar chuid de Ghötaland ar dtús, ach Dani-Ioruais go dtí 1658.


Tugadh Gut-þiuda orthu sa teanga Ghotach, aistrithe go coitianta mar "Daoine Gótacha", ach dearbhaithe amháin mar tabharthach singil Gut-þiudai,[3]Gutans tugtha le tuiscint ón ghinideach iolra (?) gutani, in inscríbhinn Pietroassa.[4] Tugadh GutarGotar orthu sa tSean-Ioruais, sa Laidin mar Gothiagus sa Ghréigis mar Γότθοι, Gótthoi.

Tá go leor ainmneacha tagtha do na Goit, b'fhéidir go pointe áirithe toisc go raibh go leor grúpaí eitneacha ar leith acu, ach freisin mar gheall go raibh i luathchuntais ar imirceacha Prótai-Ind-Eorpaigh agus níos déanaí ar imircí Gearmánacha sa Tréimhse Imirce i gcoitinne, ba ghnáth-chleachtas é tairbhe a bhaint as ainmneacha éagsúla chun tagairt a dhéanamh don ghrúpa céanna. Chreid na Goit (mar a chreideann an chuid is mó de scoláirí an lá inniu) [5] go dtagann na hainmneacha éagsúla go léir ón eitainm réamhstairiúil amháin a tharchuiríodh ar dtús go cultúr aonfhoirmeach a d'fhás agus a bhí faoi bhláth i lár na céad mílaoise RC, ie na céad-Goit.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. "Ostrogoth".
  2. "Encyclopedia of European peoples" (2006). New York: Facts On File. 
  3. "{{{title}}}" (1986): 163–164. Leiden: E.J. Brill. 
  4. "{{{title}}}" (2004). Tübingen: Niemeyer. 
  5. "{{{title}}}" (1990): 16–56, 209–210. Berkeley: University of California Press.