Níl Aon Ní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Dán le Cathal Ó Searcaigh, file Conallach, is ea Níl Aon Ní. Dán grá atá ann, ach grá neamhchomhlíonta atá i gceist. Tá cuid de thréithe na n-amhrán tuaithe le haithint ar Níl Aon Ní. Tá codarsnacht sa dán idir saol na tuaithe (i dTír Chonaill) agus saol na cathrach (i mBaile Átha Cliath). Tá an dán ar churaclam Gaeilge na hArdteistiméireachta.