Myristica fragrans
Appearance
Sonraí | |
---|---|
Is foinse é an tacsón seo de | noitmig, maicis agus ola noitmige |
Stádas caomhnaithe | |
Easpa sonraí | |
UICN | 33986 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Magnoliales |
Fine | Myristicaceae |
Géineas | Myristica |
Speiceas | Myristica fragrans Houtt., 1774 |
Crann síorghlas a fhásann suas le 9 m ar airde, dúchasach do na Molacaí san Indinéis, is ea an noitmig nó Myristica fragrans. Na duilleoga leathfhada cumhra, na bláthanna céiriúil buí tríliopach i bhfoirm chloigín, an toradh méith 5-9 cm ar leithead i gcruth piorra, síol mór amháin istigh ann (an spíosra a dtugtar noitmig air) agus mórthimpeall air sin an t-aral dearg a ndéantar an spíosra maicis as. Tá támhshuanach sa dá spíosra seo, agus is nimhiúil an dá cheann acu má itear mórchuid díobh.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Noitmig". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 487.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |