Mynediad am Ddim
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1974, Aberystwyth |
Gníomhaíocht | |
Lipéad ceoil | Sain (Records) Ltd |
Seánra | Ceol tíre agus rac-cheol tíre |
Codanna | |
Suíomh gréasáin | mynediadamddim.com |
Ar cheann de na popghrúpaí agus ceol tíre is mó ráchairt sa Bhreatain Bheag ab ea Mynediad am Ddim (Gaeilge: Saorchead isteach) a bunaíodh i 1974 agus a sheinneann go rialta le beagnach 50 bliain. [1][2]
Bhí greann agus an ghné ‘neamhghnách’ le sonrú ina gcuid amhránaíochta ón tús agus bhí meascán d’amhránaíocht tíre a raibh an-tóir orthu ag mic léinn tríú leibhéal ag an am, agus amhráin bhunaidh spraíúla. Bhí gné láidir spochta san ainm féin agus iarracht mearbhall a chur ar fhoilsitheoirí agus ar léitheoirí póstaer agus bileoga ceolchoirme.
Baill
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba mhic léinn i gColáiste na hOllscoile, Aberystwyth iad an seisear comhaltaí bunaidh: triúr amhránaithe, is iad sin Emyr Wyn, Robin Evans agus Mei Jones, agus triúr ionstraimeoirí mar atá Iwan Roberts (giotár agus maindilín), Graham Pritchard (veidhlín, maindilín, agus pianó) agus Dewi Jones (corn Francach). Ba é an t-aon rún a bhí ag an tús ná dul san iomaíocht in Eisteddfod Ryng-golegol Bangor 1974, ach toisc gur éirigh thar cionn leo, lean siad ar aghaidh.
Sa bhliain 1975, cuireadh leis an seisear ball bunaidh, is iad sin Emyr Huws Jones, fear óg a rinne ainm dó féin leis na Tebot Piws roimhe sin. Roghnaíodh ceann dá chuid amhrán, is é sin ‘Padi’, nuair a chuaigh an banna go dtí an stiúideo taifeadta den chéad uair chun traic amháin a chur leis an taifead ilpháirteach Lleisiau (Adfer, 1975). Go gairid ina dhiaidh sin, d’fhág Dewi Jones agus chuaigh Alun “Sbardun” Huws isteach, iarbhall eile de Tebot Piws.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Teimpléad:Dyf gwe
- ↑ wici.porth.ac.uk; Gwefan y Porth ar Esboniadur y Coleg Cymraeg Cenedlaethol; adalwyd 29 Awst 2018.