Coleg Cymraeg Cenedlaethol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Marc Haynes, Mai 2014
Bosca Sonraí EagraíochtaColeg Cymraeg Cenedlaethol
Sonraí
Cineálollscoil
carthanas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícarthanas Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh a chartlainne
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe23 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán6,143,000 £ (2018) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincolegcymraeg.ac.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: ColegCymraeg Twitter: colegcymraeg Instagram: dyddyfodoldi Cuir in eagar ar Wikidata

I gcomhpháirtíocht le hollscoileanna sa Bhreatain Bheag, cuireann Y Coleg Cymraeg Cenedlaethol (Gaeilge:Coláiste Náisiúnta na Breatnaise) ardoideachas ar fáil do mhic léinn trí mheán na Breatnaise . Tá sé mar aidhm ag an gcoláiste chónaidhme seo líon na mac léinn a dhéanann staidéar ar chúrsaí trí mheán na Breatnaise a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil an tacaíocht do na scoláirí sin, cáilíocht an oideachais, agus eispéiris staidéir na scoláirí, ar an gcaighdeán is airde. Faoi mhí na Samhna 2015 bhí 115 léachtóir fostaithe ag an gColáiste.[1] Is é an Dr Ioan Matthews Príomhfheidhmeannach an Choláiste agus is é an Dr Dafydd Trystan a Chláraitheoir .


Bunaíodh Y Coleg Cymraeg Cenedlaethol sa bhliainn 2011 chun oibriú le hollscoileanna sa Bhreatain Bheag, chun cúrsaí agus acmhainní Breatnaise a fhorbairt do mhic léinn. Níl a champas féin ag an gColáiste, ach oibríonn sé trí roinnt ‘craobhacha’ ar fud na n-ollscoileanna sa Bhreatain Bheag.


Is í aidhm na gcraobhacha tacú le hobair an Choláiste agus feidhmiú mar phointe teagmhála áitiúil do mhic léinn. Tá méadú suntasach tagtha le cúpla bliain anuas ar rogha na gcúrsaí trí mheán na Breatnaise atá á dtairiscint. Tá os cionn 500 céim éagsúil ar fáil anois do mhic léinn trí mheán na Breatnaise, mar aon le 150 scoláireacht fochéime a bhronntar ar mhic léinn gach bliain. Seo an chéad uair a bhfuil sé de rún ag comhlacht ar bith cúrsaí céime trí mheán na Breatnaise a phleanáil go náisiúnta do mhic léinn.


Féachann an Coláiste le níos mó deiseanna staidéir a chur ar fáil do mhic léinn trí mheán na Breatnaise, le léachtóirí nua trí mheán na Breatnaise a oiliúint, le modúil agus acmhainní den chéad scoth a fhorbairt do mhic léinn trí mheán na Breatnaise agus le scoláireachtaí fochéime agus iarchéime a mhaoiniú.

Le blianta beaga anuas tá na modúil a chuirtear ar fáil ag an am céanna i níos mó ná ollscoil amháin tar éis éirí níos suntasaí, le roinnt samplaí rathúla i réimsí na nEolaíochtaí Comhshaoil, na dTionscal Cruthaitheach, an Dlí, an Cheoil, na Staire agus na dTeangacha Nua-Eorpacha .

Y Porth[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann an t-ardán ríomhfhoghlama Y Porth (Gaeilge: An Tairseach) ar chumas ollscoileanna acmhainní Breatnaise a roinnt ar fud na Breataine Bige. Mar sin, is féidir leas a bhaint as na teicneolaíochtaí ríomhfhoghlama is déanaí. Lena chois sin cuireann sé acmhainní staidéir ar fáil freisin atá níos leithne ná an méid atá ar fáil do mhic léinn ina n-ollscoil áitiúil. Áirítear ar na hacmhainní:

  • ábhar ábhar oscailte m.sh. sraith foclóirí ábhar do dhaltaí
  • cúrsaí agus modúil a bhaineann le scéimeanna céime ar leith ó réimse an Oideachais go dtí na hEolaíochtaí Bitheolaíochta
  • gailearaí gréasáin ina bhfuil suíomhanna gréasáin ábhartha a bhfuil spéis ag mic léinn iontu atá ag déanamh staidéir ar ábhair trí mheán na Breatnaise
  • físeáin faoi réimsí ar leith

Léachtóirí ó ollscoileanna na Breataine Bige a d’fhorbair na hacmhainní agus na modúil ar fad ar y Porth trí urraíocht agus comhoibriú ón gColeg Cymraeg Cenedlaethol (agus ón Ionad Ardoideachais roimh Aibreán 2011). Is léiriú iad na réimsí leathana a fheictear ar y Porth na forbairtí suntasacha atá tarlaithe san earnáil, agus tá y Porth lárnach anois sna forbairtí go léir san earnáil Ardoideachais Breatnaise.

Scoláireachtaí Mac Léinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnann an Coláiste thart ar 150 scoláireacht gach bliain ar mhic léinn fochéime a leanfaidh cúrsaí céime in ollscoileanna ar fud na Breataine Bige. Tá dhá chineál scoláireachta ann - Príomhscoláireachtaí agus Scoláireachtaí Spreagthaí. Tá na Príomhscoláireachtaí do mhic léinn a dhéanann staidéar ar dhá thrian ar a laghad dá gcúrsa céime trí mheán na Breatnaise. Trí é seo a dhéanamh, is féidir le duine iarratas a dhéanamh ar cheann de Phríomh-Scoláireachtaí an Choláiste, ar fiú £3,000 é thar trí bliana (£1,000 sa bhliain). Tá a ndóthain modúl Breatnaise i mbeagnach 300 cúrsa céime éagsúil le bheith incháilithe do na Príomhscoláireachtaí.

Murab ionann agus na Príomh-Scoláireachtaí, tá na Scoláireachtaí Spreagthaí ar fáil do mhic léinn a bhfuil sé ar intinn acu staidéar a dhéanamh ar chúrsaí céime ar leith i gceann de na deich réimse acadúla seo a leanas: Tíreolaíocht, Bitheolaíocht agus Eolaíochtaí Comhshaoil, Gnó agus Bainistíocht, Obair Shóisialta, Eolaíochtaí Spóirt agus Staidéar, Dlí, Sláinte Eolaíochtaí, Nuatheangacha, Matamaitic agus Fisic, Síceolaíocht agus Ceimic .

Tairgeann na Scoláireachtaí seo £500 in aghaidh na bliana (nó £1,500 thar thrí bliana) chun staidéar a dhéanamh ar an tríú cuid ar a laghad den chúrsa céime trí mheán na Breatnaise..

Gwerddon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teimpléad:Prif clé|mion| Leathanach bail Gwerddon Is irisleabhar acadúil Breatnaise í Gwerddon, a fhoilsíonn taighde scolártha ó na hEalaíona, na Daonnachtaí agus na hEolaíochtaí faoi dhó sa bhliain de réir riachtanais an Fframwaith Rhagoriaeth Ymchwil’ (Creat Sármhaitheasa Taighde)’. Tá dhá phríomhchuspóir ag Gwerddon, is iad sin plé acadúil a spreagadh agus a chothabháil thar raon chomh leathan agus is féidir, agus ciste d’obair léannta a chruthú le húsáid ag mic léinn taighde agus lucht acadúil trí mheán na Breatnaise. Tá an Fisiceoir an Dr Eleri Pryse ina Chathaoirleach nua ar Bhord Eagarthóireachta Gwerddon. . Is

Le linn na 2010í, chonacthas dul chun cinn suntasach i réimse an taighde ar an mBreatnais ar fud an phobail acadúil. Mar chuid den iarracht chun stádas na teanga a chur chun cinn san ardoideachas, measadh go raibh sé riachtanach úsáid na Breatnaise mar mheán taighde a chur chun cinn. Chuige sin, socraíodh iris acadúil a bhunú le córas meastóireachta neamhspleách a bheadh ina fhóram chun saothar léannta trí Bhreatnais a fhoilsiú ar fud na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí. Foilsíodh an chéad eagrán de Gwerddon i mí Aibreáin 2007.

Comhaltaí Oinigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Dr Alison Allan
  • An tOllamh Brynley F. Roberts
  • Catherine Stevens
  • An Dr Cen Williams
  • Kennard Davies
  • An tOllamh Elan Closs Stephens
  • Geraint Talfan Davies
  • An tOllamh Gwyn Thomas
  • an tOllamh Hazel Walford Davies
  • Heini Gruffudd
  • An tOllamh Ioan Williams : Bhí sé gníomhach go náisiúnta i bhfóraim a bhain le hoideachas ollscoile trí mheán na Breatnaise agus bhí sé ina thacadóir ar son na Breatnaise in Ollscoil Aberystwyth mar Stiúrthóir ar Scoil an Léinn trí Bhreatnais.
  • An Dr John Davies : duine de phríomh-staraithe a ghlúine agus údar Hanes Cymru agus go leor foilseachán eile.
  • An Dr Meredydd Evans : tiomsaitheoir, eagarthóir, staraí agus amhránaí tíre Breatnach.
  • An tOllamh Merfyn R. Jones
  • Ned Thomas
  • An tOllamh Robin Williams : Nuair a thug Rialtas Tionóil na Breataine Bige gealltanas in 2007 go mbunófaí Coláiste Breatnaise, tugadh cuireadh don Ollamh Robin Williams a bheith ina chathaoirleach ar Bhord Pleanála chun an coincheap a dhéanamh ina phlean a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm. Laistigh de níos lú ná bliain d’éirigh leis teacht ar chomhdhearcadh i measc chomhaltaí an Bhoird sin i bhfabhar múnla a tháinig chun feidhme le bunú an Choláiste in 2011.
  • Rhian Huws Williams
  • An Dr Siân Wyn Siencyn
  • an tOllamh M. Wynn Thomas

2018 [2][cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Andrew Glas
  • Catrin Dafydd
  • An tOllamh Deri Tomos

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ollscoil na Breataine Bige
  • Breisoideachas
  • Oideachas sa Bhreatain Bheag

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cyfri Trydar y Coleg Cymraeg; dáta rochtana 10 Samhain, 2015
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-23. Dáta rochtana: 2022-09-23.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]