Muireadhach mac Ainfhaichilligh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Muireadhach mac Ainfhaichilligh
Ríthe Dhál Riada

733 - 736
Eochaidh mac Eochach - Eoghan mac Muireadhaigh
Saol
NáisiúntachtDál Riada
Bás736
Muintir
AthairAinfhaichilleach mac Fearchair
Páistí
Gairm
Gairmmonarc

Chineál Loairn agus Rí Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Muireadhach mac Ainfhaichilligh (Meán-Ghaeilge Muiredach mac Ainbcellaig) ón mbliain 733 go dtí 736.

Ainfhaichilleach mac Fearchair ba ea a athair. Tuairiscítear a theacht i réim sa bhliain 733,[1] cé nach follasach é sna hannála Éireann ar tháinig sé i gcomharbacht ar Eochaidh mac Eochach, rí Dál Riada. Níl sé soiléir ach oiread cé ar tháinig sé i gcomharbacht air mar rí Chineál Loairn, ach d'fhéadfadh é gurbh é a chol ceathrar, Dúngal mac Sealbhaigh, a bhí i gceist. Feictear Muireadhach sa dán molta den 11ú haois, Duan Albanach.

Is dócha gur tháinig deireadh leis tar éis do Dhál Riada bheith cliste ag na Cruithneach faoi cheannas Aonghasa I. Tuairiscítear fosta go ndeachaigh Talorgan deartháir Aonghasa ar tóir 'mhic Ainfhaichilligh', ach ní deirtear ar mharaigh sé é.[2]

Is é Aodh Fionn de Chineál Ghabhráin an chéad rí eile ainmnithe sna hannála, don bhliain 768. De réir roinnt foinsí Albanacha, Chronicle of Melrose ina measc, tháinig Eoghan mac Muireadhaigh i gcomharbacht air.

Feictear tásc Mhuireadhaigh i nAnnála na gCeithre Máistrí faoin mbliain 771,[3] a fhreagraíonn le c. 776, nó chomh déanach le 778, óir go bhfeictear tásc Aodha Fhionn don bhlian chéanna.[4]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Uladh, AU 733.2
  2. AU 736.1, 736.2
  3. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 771.11
  4. ACM 771.18