Mubarak Bala

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMubarak Bala

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Iúil 1984
39 bliana d'aois
Stát Kano, An Nigéir Cuir in eagar ar Wikidata

Is aindiachaí ón Nigéir agus uachtarán ar Chumann Daonnachach na Nigéire é Mubarak Bala (Rugadh 1984 [1] ). Rinneadh géarleanúint air agus gabhadh Bala mar gheall ar Ioslam a fhágáil agus tuairimí diamhasla a chur in iúl go poiblí.

Chuir cúirt Ioslamach na Nigéire, sé sin Ard-Chúirt Chano, De Máirt, 5 Aibreán, 2022, pianbhreith fiche a ceathair bliain príosúnachta ar Mubarak as diamhasla, tar éis é a phléadáil ciontach i gcúiseamh cuntais-18 i gcomhair diamhasla agus gríosú poiblí.[2][3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Mubarak i Stát Chano, Tuaisceart na Nigéire i lár na 80idí,[4] cuireadh é go héigeantach go h'institiúid shíciatrach i gCano ar feadh 18 lá sa bhliain 2014, áit ar tugadh druga dó le lámh láidir. Mhol dochtúir amháin nach raibh aon rud cearr le Bala ach mhol an dara dochtúir neamhord pearsantachta agus, dar le Bala, dúirt leis:

My dear, you need a God, even in Japan, they have a God, no one should live without God, those that do, are all psychologically ill, denying the biblical account of Adam and Eve is delusion, denial of history [5][6][7]

Ghlac an tAontas Idirnáisiúnta Daonnúil agus Eiticiúil (AIDE) leis an gcás agus ceapann sé gur sáraíodh cearta daonna Bhala.[8][9] De réir an AIDE, "The real reason for this outrageous and inhumane action is because Mubarak has renounced Islam and has openly declared himself to be an atheist.". Ar 4 Iúil 2014, thuairiscigh an BBC go raibh Bala scaoilte saor ón ospidéal i bpáirt le stailc dochtúirí, agus bhí se ag lorg athmhuintearais lena theaghlach. Ní raibh sé soiléir fós an bhfanfadh sé i dTuaisceart na Nigéire, mar gheall ar bhagairtí báis.[10]

Ciontú faoin dlí Ioslamach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]