Moresnet Neodrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Comhthiarnas beag i láriarthar na hEorpa ba ea Moresnet Neodrach (AIF: Fraincis mɔ.ʁɛ.nɛ). Bhí sé ann idir 1816 agus 1920 agus é á riar ag Ríocht Aontaithe na hÍsiltíre (nó ag an mBeilg tar éis di siúd neamhpleáchas a bhaint amach in 1830) agus ag an bPrúis. I ndiaidh 1830 bhí nasc idir an pointe teorann ba thuaisceartaí den chríoch agus ceathairphointe a raibh Cúige Ollannach Limburg, Cúige Prúiseach na Réine agus Cúige Beilgeach Liège ceangailte de.[1] Inniu tugtar Pointe na dTrí Thír air, áit a dtagann an Bheilg, an Ghearmáin agus an Ísiltír le chéile.

Sa Chéad Chogadh Domhanda nasc an Ghearmáin Moresnet Neodrach léi féin, cé nár thug na comhghuaillithe aitheantas don nascadh. De bharr an tSosa Chogaidh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin i Mí na Samhna 1918 bhí ar an nGearmáin an Bheilg agus Moresnet Neodrach a fhágáil. Bliain ina dhiaidh sin thug Conradh Versailles Moresnet Neodrach don Bheilg, rud a cuireadh i bhfeidhm ar an 10 Eanair 1920, nuair a rinne an Bheilge bardas Kelmis de. Sa Dara Cogadh Domhanda ghlac an Ghearmáin seilbh ar bhardas Kelmis agus ar an limistéar máguaird agus tugadh Moresnet arís air.

Is díol spéise ar leith do lucht Esperanto an chríoch de bharr na hiarrachta a rinneadh go luath sa fichiú haois ar stát labhartha Esperanto a bhunú ann agus Amikejo (Áit Chairdis) mar ainm air.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig deireadh le himpireacht Napoléon, chuir Comhdháil Vín 1814-15 cruth nua ar léarscáil na hEorpa chun meá chumhachta a shocrú. Bhí teorainn le tarraingt idir Ríocht Aontaithe na hÍsiltíre, stát a bunaíodh go gearr roimhe sin, agus Ríocht na Prúise. Ba é an deacracht ba mhó a bhí ag baint le dúiche Moresnet an mianach luachmhar since a bhí ann, mianach a thugtaí Altenberg air i nGearmáinis agus Vieille Montagne i bhFraincis. Bhí éileamh ag an Ísiltír agus ag an bPrúis ar shinc ar a son féin agus chun prás a dhéanamh. Ba é Briostó i Sasana an t-aon áit amháin eile a raibh an tsinc á próiseáil ag an am.

Moresnet Neodrach ar phostchárta

I Mí na Nollag 1815 tháinig ionadaithe na hÍsiltíre agus na Prúise le chéile in Aachen, áit a bhí gar don dúiche, agus rinneadh comhréiteach ar an 26 Meitheamh 1816. Rinneadh trí chuid de dhúiche Moresnet: dhéanfaí sráidbhaile Moresnet féin cuid de chúige Ollannach Liège, dhéanfaí sráidbhaile Prúiseach Moresnet cuid de chúige na Réine agus agus dhéanfaí críoch neodrach den mhianach agus den sráidbhaile a bhí i ngar dó go dtí go ndéanfaí réiteach eile. Bhí cosc ar an dá thír an chríoch a shealbhú lena saighdiúirí agus cuireadh comhthiarnas ar bun. Níor lig na hOllannaigh uathu a dteideal fiú tar éis gur tháinig na Beilgigh ina n-áit in 1830. Bhí Moresnet Neodrach leagtha amach mar chineál triantáin. Ba é a bhun an bóthar mór idir Aachen agus Liège agus bhí an sráidbhaile agus an mianach díreach lastuaidh den bhóthar sin. Thoir agus thiar tháinig dhá líne dhíreacha le chéile ag an Vaalserberg (cnoc atá 322 méadar ar airde os cionn leibhéal na farraige agus é ar an mball is airde san Ísiltir).

Stádas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne beirt choimisinéir, duine as gach comharsa, an chríoch a riar. Le himeacht aimsire ba stáitseirbhísigh iad. Cheapaidís méara mar cheann an rialtais áitiúil.

Tugadh dlíthe sibhialta agus pionósacha Napoléon isteach le linn na bhFrancach agus d’fhan siad i bhfeidhm, cé gurbh éigean do bhreithiúna ón mBeilg agus ón bPrúis cúiseanna a thriail. Ní raibh cúirt riartha ann agus níorbh fhéidir achomharc a dhéanamh in aghaidh bhreith an mhéara.

In 1859 cuireadh comhairle áitiúil deich mball ar bun, in éineacht le coiste carthannachta agus coiste scoile. Ba é an méara a cheap iad agus ní dhearna siad ach comhairle a tabhairt. Ní raibh ceart vótála ag muintir na háite.[2]

Bhí an chuid is mó de na daoine ar fostú ag comhlacht mianadóireachta Vieille Montagne, agus bhí tithe, siopaí, ospidéal agus banc aige. Tharraing an mianach a lán oibrithe ó na tíortha ba ghaire dó, agus mhéadaigh an daonra ó 256 in 1815 go 2,275 in 1858 agus go 4,6668 in 1914. Chuir an Bheilge agus an Phrúis an chuid ba mhó de na seirbhísí, leithéid an phoist, ar fáil i bpáirt le chéile. Bhí cúig scoil ann agus bhí géillsinigh Prúiseacha in ann dul ar scoil in Moresnet na Prúise.

Bhí buntáistí ag roinnt leis an gcríoch. Bhí na cánacha íseal (2,735 franc Beilgeach a bhí sa bhuiséad), ní raibh tairifí iomportála ann agus bhí earraí níos saoire ná mar a bhí sna tíortha comharthanacha. Ach ní raibh cead ag an gcríoch arm náisiúnta a bheith aici, ó bhí daoine na háite gan stát.

Ar dtús chuir a lán daoine fúthu in Moresnet Neodrach chun seirbhís míleata a sheachaint sa bhaile, ach in 1854 thosaigh an Bheilg ag coinscríobh saoránaigh dá cuid a raibh cónaí orthu i Moresnet agus rinne an Phrúis amhlaidh freisin in 1874. As sin amach níor tugadh díolúine ach do shliocht na chéad áitritheoirí.[3]

Airgead[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh a cuid airgid oifigiúil féin ag Moresnet Neodrach. Ba é franc na Fraince an t-airgead dlíthairgthe, ach bhí airgead ón bPrúis (nó ón nGearmáin tar éis 1871), ón mBeilg agus ón Ísiltír á úsáid freisin. In 1848 thosaigh daoine ag úsáid airgead áitiúil, cé nach raibh meas oifigiúil air.[4]

Cinniúint neamhchinnte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pointe na dTrí Thír ar an Vaalserberg.

Nuair a ídíodh an mianach in 1885 ní raibh a fhios ag daoine an mbeadh Moresnet Neodrach i gcumas fanacht ar bun. Rinneadh moltaí dá réir.

In 1886 rinne an Dr Wilhelm Molly (1838–1919), príomhdhochtúir an mhianaigh agus bailitheoir díograiseach stampaí, iarracht ar sheirbhís áitiúil phoist a chur ar bun a mbeadh stampaí dá cuid féin aici. Rinne na Beilgigh é sin a bhacadh gan mhoill.[5]

Cuireadh casaíne ar bun i Lúnasa 1903 tar éis gur dúnadh a leithéidí sa Bheilg féin. Bhí coinníollacha diana ag baint le casaíne Moresnet sa mhéid nach raibh cead ag muintir na háite imirt ar gheall agus nach mbeadh breis is fiche duine cruinnithe ann. D’éirigh siad as nuair a dúirt an Kaiser Wilhelm II go ndéanfadh sé críochdheighilt nó go dtabharfadh sé an chríoch don Bheilg chun deireadh a chur leis an gcearrbhachas. Timpeall an ama seo bhí trí dhrioglann ag déanamh gin-bhiotáille in Moresnet.[6]

Críoch Esperanto[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1908 mhol an Dr Molly go ndéanfaí stát labhartha Esperanto de Moresnet Neodrach, an chéad cheann ar domhan, le hamhrán náisiúnta a mbeadh fonn "O Tannenbaum" aige.[7] D’fhoghlaim cuid de na háitritheoirí Esperanto agus bhí cruinniú in Kelmis i bhfabhar Amikejo ar an 13 Lúnasa 1908,[5] áit ar léiríodh armas.[7] D’fhógair Comhdháil Dhomhanda Esperanto agus í ar siúl in Dresden gurbh é Moresnet Neodrach príomhchathair dhomhanda an phobail Esperanto.[5]

An dá chogadh dhomhanda agus ina ndiaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhill an cogadh an neodracht. Ar an 4 Lúnasa 1914 thug an Ghearmáin ionradh ar an mBeilg, cé nach ndearnadh aon dochar do Moresnet ar dtús.[8] Maraíodh 147 saoránach de chuid Moresnet, cé nach léir an laistigh den chríoch a maraíodh iad nó sa troid amuigh. Ar an 27 Meitheamh 1915 shealbhaigh Ríocht na Prúise Moresnet Neodrach, ach níor thug aon tír eile aitheantas don sealbhú.

In 1918, i ndeireadh an chogaidh, b’éigean don Ghearmáin tarraingt siar ón mBeilg agus ó Moresnet. Caitheadh Wilhelm Kyll amach, Gearmánach a ceapadh mar mhéara i ndiaidh ionradh na Gearmáine.

Ar an 28 Meitheamh 1919 réitigh Conradh Versailles an t-aighneas ba bhun le bunú na críche céad bliain roimhe sin. Thug sé Moresnet Neodrach, i dteannta Moresnet Prúiseach agus na bardais Ghearmánacha Eupen agus Malmedy, don Bheilg.[9] Tháinig an conradh i bhfeidhm ar an 10 Eanáir 1920.

Ainmníodh Moresnet Neodrach mar Kelmis (La Calamine i bhFraincis) chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus baile mór Morsenet in Plombières. Tagann an t-ainm ó “kelme,” an focal ar shinc sa chanúint áitiúil Liomburgach.

D’fhan Pierre Grignard, méara Moresnet Neodrach, ina phost agus rinneadh an chéad mhéara de Kelmis de. Deimhníodh an deichniúr ball de chomhairle Moresnet Neodrach mar bhaill chomhairle Kelmis tar éis gur éirigh na baill Phrúiseacha as a náisiúntacht. D’fhan siad ann nó gur toghadh comhairle nua ar na 7 Feabhra 1923.[10][11]

Shealbhaigh an Ghearmáin an chríoch i rith an Dara Cogadh Domhanda ach tháinig sí ar ais chun na Beilge in 1944.

Tá Kelmis ina chuid de phobal Gearmáinise na Beilge ón mbliain 1973 i leith, agus in 1977 tháinig comúin Neu‑Moresnet agus Hergenrath isteach ann.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Martin, Lawrence; Reed, John (2006). The Treaties of Peace, 1919–1923. Lawbook Exchange. ISBN 978-1-58477-708-3, lch 46: Neutral Moresnet, added to this map as an independent country, is a mile wide and 3 miles long. It is so small that it has never been shown on maps of Europe as a whole. It has an area of 900 acres and about 3500 people...
  2. Robert Shackleton, Unvisited Places of Old Europe, 1914, lch 161.
  3. Charles Hoch, The Neutral Territory of Moresnet, aistrithe ag William Warren Tucker, 1882, lch 13.
  4. "Coins". Neutral Moresnet. Archived from the original on 4 Samhain 2008.
  5. 5.0 5.1 5.2 "Galmei und Esperanto, der fast vergessene europäische Kleinstaat Neutral‑Moresnet" (PDF) (German).
  6. "Awaiting a Crisis in Belgium". The New York Times.
  7. 7.0 7.1 Middleton, Nick (2015). An Atlas of Countries That Don't Exist: A Compendium of Fifty Unrecognized and Largely Unnoticed States. Macmillan, London. ISBN 978-1-4472-9527-3, lch 38
  8. George Clarke Musgrave (1918), Under Four Flags for France, lch 8, "The Belgian Prelude,": https://archive.org/stream/underfourflagsfo00musgiala#page/8. D. Appleton & Company, New York: As a proof of German preparation, war had come automatically at 7 a.m., 3 August 1914. At 23 o’clock (Belgian time) the outposts on the main roads holding Pepinster, Battice, Herve and smaller hamlets, were heavily engaged and finally forced back to the fortified lines of Liège. The pretty towns defended near the frontier were soon flaming ruins, the quaint neutral territory of Moresnet rising as an oasis in a desert of destruction.
  9. "Peace Treaty of Versailles, Articles 31 - 117, Political Clauses for Europe and Annexes".
  10. "Kelmis (Municipality, Province of Liège, Belgium)".
  11. "Startseite - Ihre Gemeinde Kelmis-Hergenrath-Neu Moresnet".

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]