Modestus (Aspal na Carantáine)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Fuinneog a thaispeánann Modestus in eaglais Liesing na hOstaire

Ba mhisinéir Éireannach é Modestus (c. 720 – roimh 772),[1] a thug an Chríostaíocht chun na gCarantánach, Slavaigh Alpacha a bhí ina gcónaí i ndeisceart na hOstaire mar atá sí anois agus in oirthuaisceart na Slóivéine, agus a bhfuil cuid dá bpór sna Slóivéanaigh atá anois ann.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aspal de Naomh Feargal ba ea Modestus. B’fhéidir gur lean sé Feargal, naomh a coisreacadh mar Easpag Salzburg timpeall 749, chun na dtailte Baváracha, a bhí faoi riail Odilo, Diúc na Baváire. Nuair a d’iarr Prionsa Cheitmar na Carantáine go ndéanfaí Críostaithe dá phobal chuir Fergil Modestus, in éineacht le ceathrar sagart, déagánach agus roinnt cléireach, i mbun na hoibre timpeall na bliana 755. Bhí céim chorepískopos (Gréigis: Χωρεπίσκοπος) aige, rud a d’fhág i bhfeighil mhuintir na tuaithe é.[2][3] Bhí údarás easpaig aige, ach is cosúil go raibh sé gan easpagóideacht dá chuid féin, de réir nós na hÉireann.

An taobh istigh d'Ardeaglais Maria Saal, mar a bhfuil tuama Modestus

Ghlac Borut, a bhí ina phrionsa roimh Cheitmar, le hardtiarnas na Baváire timpeall 740, agus bhí sé de chuspóir ag misinéireacht Modestus an tír a dhaingniú in aghaidh ionradh na nAvárach Panónach. Insíodh an scéal in "Conversio Bagoariorum et Carantanorum",[4] cuntas a scríobhadh timpeall 870 mar mheamram de chuid Aldwin, ardeaspag Salzburg, i gcúirt dlí i láthair Louis Gearmánach, rí na Fraince Oirthearaí, in aghaidh an Easpaig Methodius, aspal na Slavach i bPrionsacht Fhrancach na Panóine Íochtaraí agus sa Mhoráiv Mhór. Sa mheamram sin chuir Ardeaspagóideacht Salzburg treise ar éacht Modestus mar mhisinéir.

Deir na croinicí gur thóg Modestus trí eaglais:

  • "ad Undrimas" (a bhí le fáil, is dócha, ag Ingering in Styria Uachtarach);[5]
  • "Liburnia civitate", mar a bhfuil Sankt Peter im Holz agus é i ngar do Spittal an der Drau sa Chairintia, i bpáirc a dtugtar Lurnfeld uirthi, is dócha;
  • "ecclesiam Sanctae Mariae", eaglais de chuid na Maighdine a bhí le fáil, is dócha, láimh le lár na prionsachta Slavaí in Karnburg (Krnski grad), rud a fhágann gurb é Maria Saal (Gospa sveta) atá i gceist, ar mhachaire na Cairintia.

Deir na lámhscríbhinní is sine gur fhan Modestus sa Chairintia go dtí lá a bháis; deir lámhscríbhinn dhéanach go bhfuair sé bás sa Fhrainc.[6] Is dócha gur cailleadh é sa bhliain 763, cé go luaitear dátaí eile. Deirtí go raibh lámhscríbhinn leis, “ad ecclesiam suam,” in Salzburg agus go raibh imleabhar dá chuid litreacha in Strasburg. Níl fáil ar cheachtar acu anois.[7]

Urraim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go bhfuil a thuama le fáil in eaglais Ghotach Maria Saal, a tógadh in ionad eaglaise Rómhánúla de chuid an 12ú haois nó mar sin. Toisc gur éirigh chomh maith sin leis agus é ag déanamh Críostaithe de na Carantánaigh, tugadh "Aspal na Cairintia" air. Déantar a fhéile a cheiliúradh ar an 5ú Nollaig.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Níl mórán cinnteachta ag roinnt leis na dátaí a bhaineann le Modestus.
    Catholic Truth: "died 722" Catholic-truth.info
    Friedrich Leitner: "dispatched in/before 757 Suffragan Modestus to the Alpine Slavs"OE-journal.at
    Archdiocese of Salzburg: "Before 767 Virgil sent Modestus and Libellus to Carinthia"Caritas-salzburg.at
    Ecumenical Lexikon of Saints: "Modestus...went south in 750..."Heiligenlexikon.de
  2. Wodka, Kirche in Österreich, lch 35
  3. Bateson, Mary (1894). "Modestus". In Lee, Sidney. Dictionary of National Biography. 38. London: Smith, Elder & Co.
  4. [ https://rowandshhallan.firebaseapp.com/conversio-bagoariorum-et-carantanorum-das-weissbuch-der-salzburger-kirche-uber-die-erfolgreiche-mission-in-karantanien-und-pannonien-miz-zusatzen-und-erganzungen.html]
  5. Bateson
  6. Bateson
  7. Bateson

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Monumenta Germaniae historica, vol.11 (1890)
  • Der Große Brockhaus. Handbuch des Wissens in 20 Baenden. vol. 12, Leipzig 1932
  • Lanigan, John. An ecclesiastical History of Ireland, from the first introduction of Christianity among the Irish, to the beginning of the thirteenth century. Compiled from the works of the most esteemed authors, foreign and domestic, who have written and published on matters connected with the Irish church; and from Irish annals and other authentic documents, still existing in manuscript. Dublin, 2nd ed. 1829
  • Leitner, Friedrich. Kurzer Abriss der Kaerntner Geschichte vom Fruehmittelalter bis 1920, Klagenfurt 2006
  • Walsh, Michael J.A New Dictionary of Saints, London 2007
  • The Catholic Encyclopedia, 1913
  • Wodka, Josef. Modestus. In: Lexikon der Theologie und Kirche, 2nd ed., vol.7, Freiburg i.Br. 1962
  • Wodka, Josef. Kirche in Österreich. Ein Wegweiser durch ihre Geschichte, Vín 1959