Jump to content

Lámhscríbhinní Freising

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tús an dara lámhscríbhinn Freising

Lámhscríbhinní Freising (Gearmáinis: Freisinger Denkmäler; Laidin: Monumenta Frisingensia; Slóivéinis: Brižinski spomeniki, Brižinski rokopisi) ar an gcéad téacs leanúnach Slavaise in aibítir Laidineach agus ar na cáipéisí is sine i Slóivéinis.[1]

Thángthas ar na lámhscríbhinní agus iad ceangailte istigh i gcoidéacs Laidine. Tá ceithre leathanach agus an ceathrú cuid de leathanach ann. Tá trí théacs ann sa chanúint Slóivéineach is sine, agus is léir ó anailís theangeolaíoch, stíle agus chomhthéacs gur cumadh go cúramach agus go slachtmhar iad.

Is dócha gur scríobhadh an buntéacs sa 9ú haois. Fuarthas na lámhscríbhinní Slóivéinise (searmóiní ar an bpeaca agus ar an aithrí) i meascra téacsanna ar dócha gur lámhleabhar easpagóideach é. Scríobhadh na lámhscríbhinní Slóivéinise idir na blianta 972 agus 1039, agus roimh 1000, is cosúil. Is í an scríbhneoireacht is mó a thaispeánann é seo, ó tá sí sa mhionlitriú cairilingeach a úsáideadh ó ré Charlemagne amach.

Sa tréimhse inar scríobhadh na lámhscríbhinní bhí an tEaspag Abraham ag obair in Freising (idir na blianta 957 agus 994). Síltear gur scríobhadh na lámhscríbhinní i nGleann Abhainn an Möll sa Chairintia, agus dá bhrí sin mhaígh teangeolaithe éigin gur bhain Abraham le breacadh na lámhscríbhinní agus fiú gurb eisean a scríobh ceann acu, tuairim a bréagnaíodh ina dhiaidh sin.[2]

Ba é an focleolaí Anton Janežič a chum an t-ainm Slóivéineach Brižinski spomeniki (cuimhneacháin Freising): chum sé Brižinj mar leagan Slóivéanach de Freising sa bhliain 1854.[3] Tháinig an coidéacs chun Leabharlann Stáit na Baváire sa bhliain 1803 agus fuarthas Lámhscríbhinní Freising sa bhliain 1807. Chuir Janežič Slóivéinis nua-aimseartha orthu sa bhliain 1854. Roimh an Dara Cogadh Domhanda d’fhoilsigh Silvester Škerl facsamhail ag Akademska založba (Foilsitheoir Acadúil) in Ljubljana. Tá na lámhscríbhinní á gcaomhnú fós i Leabharlann Stáit na Baváire i München.

  1. "Collection of Sermons, Treatises, Liturgical Formulae and Canons. Slavic Liturgical Formulae (Freising Monuments)". World Digital Library.
  2. Grdina, Igor (6 April 2007). "Brižinski spomeniki: Monumenta Frisingiensia: elektronska znanstvenokritična izdaja" (as Slovenian). Institute of the Slovene Literature and the Slovene language, Scientific Research Centre, Slovenian Academy of Sciences and Arts. 
  3. Pogačnik, Jože & Franc Zadravec. 1968. Zgodovina slovenskega slovstva: Srednji vek, reformacija in protireformacija, manirizem in barok. Maribor: Obzorja, lch 64.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]