Mistral
Cuma
Gaoth láidir fhuar a bhíonn coitianta i ndeisceart na Fraince. Tosaíonn sí sa Massif Central, agus séideann síos gleann an Rhône idir an Massif Central is Alpa na Fraince. Nuair a tharlaíonn sí san earrach, is féidir léi dochar a dhéanamh do bharra luatha. Tá gaoth cosúil leis an mistral, an bóra, a shéideann ar chósta Aidriadach na Cróite. Gaotha catabatacha is ea an dá cheann.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Mistral". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 463.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |