Micrimhionadúchán
Appearance
Is éard atá i gceist leis an micrimhionadúchán[1] ná tógáil ciorcad is córas an-bheag leictreonach, chun méid, meáchan is costas a shábháil (microminiaturisation i mBéarla).
Thosaigh an próiseas nuair a tháinig trasraitheoirí in ionad na bhfeadán folúsach sna 1950idí, agus tá sé ag leanúint ar aghaidh an t-am ar fad le ciorcaid iomlánaithe a úsáidtear go forleathan i ríomhairí, teileafóin iniompartha is teicneolaíochtaí satailíte.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““micrimhionadúchán” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-04.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Micrimhionadúchán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 455.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |