Mickey (scannán 1918)
Cuma
| Buneolas | |
|---|---|
| Stiúrthóir | F. Richard Jones agus James Young |
| Príomhcharachtair | |
| Léiriú | Mabel Normand agus Mack Sennett |
| Grianghrafadóireacht | Fred Jackman |
| Mionsonraí | |
| Tír bhunaidh | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
| Céadléiriú | 1918 |
| Fad ama | 93 min |
| Bunteanga | Béarla luach ar iarraidh |
| Dath | dubh agus bán |
| Formáid | 4:3 |
| Cur síos | |
| Seánra | geandrámaíocht agus balbhscannán |
| Suíomh scéalaíochta | Nua-Eabhrac |
Scannán tostach Meiriceánach is ea Mickey a rinneadh sa bhliain 1918. F. Richard Jones agus James Young a stiúir. J. G. Hawks a scríobh. Geandráma atá ann.
An scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Triantán grá atá i gceist. Rugadh agus tógadh Mickey i mbochtanas in iargúl Chalifornia. Cuirtear í chuig a gaolta in oirthear na tíre, in Great Neck, Nua-Eabhrac. Nuair a fheiceann siadsan chomh neamhoilte agus atá sí, cuireann siad í ag obair ina dteach mar shearbhónta. Tagann fiontraí mianadóireachta aniar freisin, fear óg darbh ainm Herbert Thornhill (Wheeler Oakman). Tá aithne ag Micky air cheana agus cion aici air. Titeann a col ceathair ón Oirthear, Elsie Drake i ngrá leis freisin. Sa deireadh, pósann Micky agus Herbert.
Foireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mabel Normand mar Mickey
- George Nichols mar Joe Meadows
- Wheeler Oakman mar Herbert Thornhill
- Minta Durfee mar Elsie Drake
- Laura La Varnie mar Mrs. Geoffrey Drake
- Lew Cody mar Reggie Drake
- Tom Kennedy mar Tom Rawlings
- Minnie Devereaux mar Minnie