Mianraí cré
Cuma
Sileacáití hidriúla i bhfoirm leathán a dhéanann criostail mhíne screamhacha, ar féidir leo uisce a ionsú, rud a thugann don chré a hairíonna sainiúla plaisteacha nuair a bhíonn sí fliuch. Cruthaítear iad mar thoradh ar shíonchaitheamh carraigeacha, agus go minic sil-leagann aibhneacha iad. Is grúpaí tábhachtacha mianraí cré iad caoilínít, montmairíllinít is illít. Úsáidtear iad mar líonaigh i bpáipéar, rubar, péint is eile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Mianraí cré". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 453.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |