Mercury

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisMercury

Cineál miseanclár NASA agus clár eitilte spás daonna
Oibritheoir   NASA Cuir in eagar ar Wikidata
Fad an mhisin1

Na chéad eitiltí spáis Meiriceánacha a raibh foireann ar bord. Rinneadh an chéad eitilt fhofhithiseach i 1961 le Alan Shepard i gceannas, agus an chéad eitilt fhithiseach i 1962 le John Glenn i gceannas. Thaispeáin na heitiltí trialacha seo gur fheidhmigh an córas cothaithe beatha ar bord go maith, agus d'fhoghlaim siad ceachtanna ar úsáid na roicéad moillithe chun teacht amach as an bhfithis, cosc le cúltarraingt na hathiontrála san atmaisféar, tuirlingt ar an uisce, agus tarrtháil an spásárthaigh ón bhfarraige. Rinneadh dhá eitilt fhofhithiseacha agus 4 eitilt fhithiseach sa chlár. Réamhtheachtaire ar chláir Gemini is Apollo.[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mercury". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 451.