Mel Maryns

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMel Maryns

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(pt-br) Melissa Marins de Queiroz Ferreira
11 Aibreán 2003
21 bliana d'aois
Rio de Janeiro, An Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Áit chónaitheCorcaigh
Teanga dhúchaisPortaingéilis na Brasaíle
Airde168 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, amhránaí, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2017 –
SeánraPopcheol
TeangachaBéarla
UirlisUirlis mhéarchláir agus giotár
Teaghlach
AthairRafael Ferreira  agus Amanda Ferreira

Suíomh gréasáinmelmaryns.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm13288948 Facebook: melmaryns Twitter: melmaryns Instagram: melmaryns Youtube: UC2800HbjleT6mQ0w0YgkLOg TikTok: melmaryns Spotify: 58AEHTA0KiEEpoZAlV7pUq iTunes: 1518550707 Last fm: Mel+Maryns Musicbrainz: 05889261-5823-4cd8-a725-d57b0ac0eace Discogs: 8662911 Allmusic: mn0004037015 Deezer: 13419859 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir agus amhránaí Brasaíleach ina cónaí in Éirinn is ea Melissa Marins de Queiroz Ferreira (rugadh 11 Aibreáin 2003). Rugadh Melissa i Rio De Janeiro. Is as an Bhrasaíl a máthair agus as an Phortaingéil a hathair. Téann sí faoin ainm “Mel Maryns”. Thosaigh sí ag canadh agus ag scriobh amhrán sa bhliain 2017 nuair a scaoil sí a céad amhrán “Fala Serio”. I measc a cuid tionchar is mó tá GNR, Skid Row. Tá aithne uirthi as a stíl uathúil atá difriúil le popcheol an lá inniu. Is iad na hamhráin is mó a bhfuil tóir orthu ná “Get Away” agus “Burning Flames” agus tá níos mó ná 25,000 “hits” ar spotify aici. Tá roinnt mhaith amhrán dá cuid féin aici ar Spotify agus YouTube freisin.

Luathshaol agus Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí Melissa óg, thug daoine an t-ainm “Mel” uirthi agus seo é an t-ainm a úsáideann sí ar an stáitse fós. Ba é a grá don cheol a d’aistrigh í féin agus a clann go hÉirinn sa bhliain 2018. Thosaigh Mel ag canadh lena hathair nuair a bhí sí óg, agus d’fhoghlaim sí an pianó ag baint úsáide as Youtube.

Éachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmníodh singil Mel “Burning Flames” mar iomaitheoir leathcheannais ar cheann de na comórtais scríbhneoireachta amhráin is mó sna Stáit Aontaithe leis na ceoltóirí Dua Lipa agus Coldplay mar mholtóirí. Is amhránaí fíoraithe í ar YouTube agus tá a ceol le cloisteáil i 26 tír ar fud an domhain.


Gairm Cheoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí sí 13, scríobh sí agus d’eisigh sí a céad amhrán “Fala Serio”.

2018. Buscail, Tar éis bogadh go hÉirinn thosaigh Mel ag seinnt ar shráideanna Corcaí agus ar shráid Ghrafton i mBaile Átha Cliath, an áit ar tugadh cuireadh di canadh ar an gcainéal YouTube “Dublin City today”.

Sa bhliain 2020, scaoil Mel a céad amhrán i mBéarla, “Someone To Hold” agus “Burning Flames”.

Sa bhliain 2021, scaoil Mel amhráin nua “Get Away”, “Ghost Town”, “Butter Wings”, “Julie”, “Bluff” agus “Gravity”. Scaoil Mel an EP “One Upon A Time” sa bhliain seo freisin.

Bhí amhrán nua aici sa bhliain 2022 darb ainm “Countdown”.

Amhráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fala Serio * Released: 03 September 2017

Someone to Hold * Released: 14 November 2020

Burning Flames * Released: 14 December 2020

Get Away * Released: 14 January 2021

Ghost in Town * Released: 28 February 2021

Butter Wings * Released: 09 April 2021

Once Upon a Time * Released: 29 June 2021

Julie * Released: 27 August 2021

Bluff * Released: 11 November 2021

Gravity * Released: 23 December 2021