Meicnic shreabhánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Staidéar ar mheicnic na sreabhán. Pléann stataic shreabhánach airíonna meicniúla sreabhán is iad ar fos. Pléann dinimic shreabhánach a n-airíonna is iad faoi ghluaiseacht. Pléann hidreastataic agus hidridinimic na hiompair seo i leith uisce is leachtanna do-chomhbhrúite eile. Pléann aeridinimic sreabhadh gás, aeir go háirithe. Cuimsíonn airíonna sreabhán an dlús, an mhais in aghaidh aonad toirte, agus an inchomhbhrúiteacht, a bhíonn ard i ngáis is nialas ar éigin i leachtanna. Oibríonn sreabhán ar aon réad a bhíonn báite ann, agus is ionann an brú sin i ngach treo. Gan domhantarraingt a chur san áireamh, is ionann an brú a oibríonn leacht ar gach cuid den soitheach ina bhfuil sé. Oibríonn fórsa buacachta suas ar réada atá báite i leacht. Is tomhas é a shlaodacht (a fhrithchuimilt inmheánach) ar fhriotaíocht sreabháin i gcoinne sreafa. I dteoiric na sreabhán, baintear feidhm go minic as sreabhán idéalach gan slaodacht ná inchomhbhrúiteacht. Shaothraigh an t-eolaí Iodálach Evangelista Torricelli an tuiscint luath ar bhrú sreabháin. Tarchuirtear aon bhrú a oibrítear ar shreabhán fosaithe, gan mhaolú, ar fud an tsreabháin go dtí fallaí an tsoithigh, is cuma cén cruth atá ar an soitheach. Prionsabal Pascal a thugtar air an bhfíoras seo (ainmnithe as Blaise Pascal), bunús na hiodráilice. Is é sreabhadh sreabháin gluaiseacht an tsreabháin ó áit amháin go háit eile, agus tomhaistear é mar an ráta sreafa, an mhais den sreabhán a théann thar phointe ar leith gach soicind. Más sreabhán do-chomhbhrúite é, is fíor prionsabal an leanúnachais, gurb ionann an méid den sreabhán a shreabhann isteach i líonra píobán is an méid a shreabhann amach as. Rinne Daniel Bernoulli staidéar bunúsach ar shreabhadh sreabhán, agus bhraith an t-athrú brú ar feadh an phíobáin a tharlaíonn sa sreabhán má athraíonn trasghearradh an phíobáin (prionsabal Bernoulli). Bunaítear teoiric mhatamaiticiúil nua-aoiseach an tsreafa ar chur chuige a thug Leonhard Euler isteach, an sreabhán mar ábhar leanúnach in ionad páirteagal scoite. Shaothraigh an fisicí Éireannach George Stokes (1819-1903) teoiric an tsreafa shlaodaigh.