Meantól

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

C10H20O, alcól teirpéine, le leáphointe 43 °C. Solad céiriúil, an príomhchomhábhar in ola miontas piobair. Úsáidtear é mar bhlaisiú, antaiseipteán caoin, frithfhorlíonán, agus ainéistéiseach áitiúil. A struchtúr an-ghaolmhar le camfar.