Mealladh péisteanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportMealladh péisteanna
Cineálgabháil agus gathering (en) Aistrigh

Is éard atá i gceist le mealladh péisteanna ná modhanna éagsúla a úsáidtear chun péisteanna talún a mhealladh as an talamh. De ghnáth, déantar é chun baoite a bhailiú le haghaidh iascaireachta, ach glacann daoine páirt ann mar spórt freisin, go háirithe i Sasana, i gCorn na Breataine, i gCeanada, agus sna Stáit Aontaithe. Is fíorannamh a mhealltar péisteanna mar ghairm sa lá atá inniu ann, agus bíonn an scil á tabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin lena chinntiú go mairfidh sí.[1]

Modhanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth, cuirtear an ithir ar crith ar bhealach amháin nó ar bhealach eile chun péisteanna a mhealladh aníos go dtí an dromchla. Sa bhliain 2008, dúirt taighdeoirí ó Ollscoil Vanderbilt go dtagann na péisteanna go dtí an dromchla toisc go bhfuil na creathaí cosúil leis na cinn a tharlaíonn nuair a bhíonn caochán ag tochailt, ainmhí a itheann péisteanna talún.[2] Úsáideann go leor speiceas éan an teicníocht chéanna, agus itheann siad na péisteanna nuair a thagann siad aníos as an talamh.[1]

Tá teicnící eile ann freisin. Uaireanta, spréitear an ithir le huisce, le tae, nó le beoir. Baineann mealltóirí eile pleanc as píce rómhair.[3] I gcomórtais áirithe, cuirtear cosc ar ghlantaigh agus ar thochaltóirí meicniúla.[3]

Coinníollacha ithreach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear péisteanna is minice in ithir thais nó fhliuch, agus fanann siad amach ó ithir thirim. Dá bharr sin, is minic a roghnaíonn mealltóirí áiteanna fliucha, nó úsáideann siad uisce chun péisteanna a mhealladh.[1][4]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díoltar péisteanna le hiascairí mar bhaoite beo, agus úsáideann go leor díoltóirí teicnící meallta péisteanna chun a stoc a bhailiú. In áiteanna áirithe, ní mór do mhealltóirí gairmiúla ceadúnas a fháil le dul i mbun an ghnó seo.[4]

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

I bhformhór na gcomórtas, is é an buaiteoir an duine a bhailíonn an líon is mó péisteanna faoi cheann aimsire socraithe. De ghnáth, oibríonn gach iomaitheoir laistigh dá chrios féin, trí shlat nó trí mhéadar cearnach.

Tharla ceann de na chéad chomórtais meallta péisteanna ag féile scoile in Willaston, Cheshire, Sasana. Cuireadh tús le Craobhchomórtas an Domhain sa Mealladh Péisteanna sa bhliain 1980, agus is ócáid bhliantúil é anois.[5] Ba é an leas-phríomhoide ag an am, John Bailey, a d'eagraigh é agus a scríobh rialacha an chomórtais.

Is le Sophie Smith an churiarracht domhanda faoi láthair; ar 29 Meitheamh 2009, nuair a bhí sí 10 mbliana d'aois, mheall sí 567 péist aníos as an talamh le linn Chraobhchomórtas an Domhain in Willaston.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Sutton, Keith. ESPN. 20 March 2007. "Fiddling For Worms". Accessed 7 June 2007.
  2. Fountain, Henry. The New York Times. 17 October 2008. "Worm Grunting: A Mystery Solved"
  3. 3.0 3.1 "Sunday Mirror, "The war of the worms" article by Lucy Berrington, April 28, 1996". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Samhain 30, 2015. Dáta rochtana: Meán Fómhair 17, 2022.
  4. 4.0 4.1 Tobin, Thomas C. St. Petersburg Times. 14 April 2002. "Gruntin' and gathering". Accessed 7 June 2007.
  5. The World Worm Charming Championship”. International Federation of Charming Worms and Allied Pastimes. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-09-12. Dáta rochtana: 21 October 2018.
  6. "Worm charmer, 10, sets new record". Dáta rochtana: 2009-07-01.