ESPN

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaESPN
Sonraí
Cineálcable channel (en) Aistrigh
pay television (en) Aistrigh
bealach teilifíse speisialtachta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh7 Meán Fómhair 1979
Bunaitheoir(í)Bill Rasmussen Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtThe Walt Disney Company Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirThe Walt Disney Company (80%).
Hearst Communications (en) Aistrigh (20%). Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de

Suíomh gréasáinespn.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: ESPN Twitter: espn Instagram: espnmx Youtube: UCiWLfSweyRNmLpgEHekhoAg Pinterest: espn TikTok: espn Cuir in eagar ar Wikidata

Is líonra teilifíse Meiriceánach dírithe ar chláir spóirt é ESPN (i dtús báire, an Entertainment and Sports Programming Network), faoi chomhúinéireacht Disney (80%) agus Hearst Communications (20%). Bhunaigh Bill Rasmussen an comhlacht sa bhliain 1979 in éineacht lena mhac Scott Rasmussen agus Ed Eagan.

Craolann ESPN go príomha óna stiúideo in Bristol, Connecticut, ach tá oifigí agus stiúideonna acu in Miami, Cathair Nua-Eabhrac, Las Vegas, Seattle, Charlotte, Washington, D.C., agus Los Angeles. Tá James Pitaro ina chathaoirleach ar ESPN faoi láthair, post atá aige ó 5 Márta 2018, tar éis do John Skipper éirí as ar 18 Nollaig 2017. Cé go bhfuil ESPN ar cheann de na líonraí spóirt is rathúla, déantar cáineadh ar ESPN freisin, mar gheall ar chlúdach claonta, coinbhleacht leasa, agus conspóidí le craoltóirí agus anailísithe aonair.

Ó mhí na Samhna 2021, tá ESPN ar fáil i thart ar 76 milliún teaghlach teilifíse sna Stáit Aontaithe — titim 24% ó dheich mbliana roimhe sin.

Chomh maith leis an bpríomhbhealach teilifíse “ESPN” agus na seacht mbealach tánaisteacha sna Stáit Aontaithe (ESPN 2, ESPN 3, srl.), craolann ESPN i níos mó ná 200 tír. Ritheann sé bealaí réigiúnacha san Astráil, sa Bhrasaíl, i Meiriceá Laidineach, agus sa Ríocht Aontaithe freisin. I gCeanada, tá leas airgeadais 20% aige in The Sports Network (TSN) agus ina chúig líonra deirfiúracha.