Meadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Meader

Is é a bhí sa mheadar soitheach admhaid a dhéantaí in Éirinn chomh fada siar leis an deichiú haois ar a laghad. Dhá chluas nó ceithre chluas a bhíodh uirthi le haghaidh an chomh dhiúgtha. B'fhéidir í a úsáid, leis, mar thomhas, ós é sin is brí lena sanasaíocht sa Laidin, metrum.[1] Bhíodh sí in úsáid go forleathan mar choimeádán ime agus í fós á dhéanamh i gceantair áirithe chomh fada leis an naoú haois déag. An t-iúr an t-adhmad ba rogha le lucht a déanta.[2]

Agus spéis nua á cur i stair na hÉireann i gcaitheamh an naoú haois déag, d'éirigh an mheadar ina siombail chomórtha d'Éirinn chianársa agus ina hinspioráid do lucht miotalóireachta, do sheodóirí agus d'ealaíontóirí a chleacht meáin éagsúla, ón miotal luachmhar go dtí an dair dhubh. Nocht sí mar mhóitíf i dtréimhse na hAthbheochana Ceiltí agus í ina sainchomhartha dílis d'Éirinn, leis an tseamróg, an faolchú agus an cloigtheach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meadar atá mar ainm malartach ar an rud a dtugtar cuinneog air freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. eDIL 2019: An Electronic Dictionary of the Irish Language, based on the Contributions to a Dictionary of the Irish Language”. Acadamh Ríoga na hÉireann (1913–1976). Dáta rochtana: 2022-11-06.
  2. "Medieval Irish Mether" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2022-11-06.