Cuinneog
Cuma
Cuinneog i dteach Sheáin Mhic Diarmada, Co. Liatroma | |
| Sampla de | uirlis talmhaíochta |
|---|---|
| Sonraí bunúsacha | |
| Úsáid | maistreadh |
Is éard is cuinneog nó meadar ann ná gabhdán ina ndéantar im. Loine a thugtar ar an maide atá istigh ann lena ndéantar an t-im. Claibín cuinneoige nó claibín meidre a thugtar ar bharr na loine ina bhfuil poill de ghnáth. Cuigeann a dhéanamh, maistreadh nó meadráil na téarmaí a thugtar ar an bpróiseas.