Mayotte
|
|||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Críoch á éileamh ag | Oileáin Chomóra | ||||
| Stát ceannasach | an Fhrainc | ||||
| Príomhchathair | Mamoudzou agus Dzaoudzi | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 320,901 (2024) | ||||
| • Dlús | 858.02 hab./km² | ||||
| Teanga oifigiúil | an Fhraincis Maore (en) Bushi (en) | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | an tAigéan Indiach | ||||
| Achar dromchla | 374 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Indiach | ||||
| Pointe is airde | Benara (en) | ||||
| Pointe is ísle | an tAigéan Indiach (0 m) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 1974 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| • Ceannaire an rialtais | Ben Issa Ousseni (2021–) | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| Airgeadra | Euro | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Fearann Idirlín barrleibhéil | .yt | ||||
| Glaochód | +262 | ||||
| Uimhir theileafóin éigeandála | 112 | ||||
| Cód tíre | YT | ||||
| Cód ISO 3166-2 | FR-976, FR-YT agus FR-MAY | ||||
| Cód NUTS | FRA5 | ||||
| Cód INSEE | 976 | ||||
| Cód réigiúin INSEE | 06 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | mayotte.fr | ||||
Is ag an Fhrainc atá forlámhas ar Mayotte (Fraincis: Mayotte, IPA: |majɔt|; Shimaore: Maore) atá suite san Aigéan Indiach lámh le Madagascar agus Oileáin Chomóra.[1] Is cuid d'oileánra Chomóra é Mayotte, agus é suite i dtuaisceart Chanáil Mhósaimbíc.
Départment thar lear agus réigiún de chuid na Fraince is ea Mayotte nó Départment de Mayotte go hoifigiúil.[2] Cuimsíonn sé Grande-Terre (nó Maore), an t-oileán is mó, agus Petite-Terre (nó Pamanzi), oileán níos lú, chomh maith le roinnt oileán beag thart timpeall ar an dá phríomhoileán.
Bhí 279,471 duine ina gcónaí in Mayotte de réir meastacháin oifigiúil i mí Eanáir, 2020. Is é Mamoudzou ar Grande-Terre an chathair is mó agus suíomh an rialtais.
Cioclón Chido, 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 7-15 Nollaig 2024, bhuail Cioclón Chido Mayotte. Cioclón "Catagóir 4" a bhí ann, agus fíor-dhíobhálach i Mayotte. Áirítear go raibh luas 226 ciliméadar san uair[3] faoin gcioclón Chido i Mayotte.[4] Rinne sé damáiste mhór don aerfort ansin chomh maith le córais leictreachais, uisce agus cumarsáide na n-oileán.[5]
Ní raibh na críocha nó na tíortha eile buailte ró-dhona. Ach maraíodh na sluaite i Mayotte, cúpla céad nó cúpla míle duine b'fhéidir, níl a fhios againn. Tír Moslamach, bhí na coirp sínte faoin bhfód go díreach. Ina theannta sin, tá na dálaí maireachtála go hainnis ar fad i Mayotte. Tá bailte seantán go leor ar an oileán, agus daoine ann gan dídean fiú. Bíonn a lán coireachta ar bun sna slumaí. Mar sin tá Mayotte ar cheann de na críocha san Afraic atá i gcontúirt mar gheall ar an athrú aeráide.[6][7]
Deirtear go raibh 'Chido' ar an stoirm is láidre le Mayotte a bhualadh le beagnach 100 bliain.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTE (2024-12-16). "Na mílte marbh i Mayotte, meastar" (as ga-IE).
- ↑ Mayotte devient le 101e département français le 31 mars 2011 (PDF) (as Fraincis), Ministère de l'intérieur, de l'Outre-Mer, des collectivités territoriales et de l'immigration, p. 4, arna gcartlann ó an bunleagan (PDF) ar 4 Márta 2016, aisghafa 30 Iúil 2015
- ↑ gaoth ar feadh noiméad amháin
- ↑ "Cyclone Chido inflicts 'catastrophic' damage on French island territory Mayotte" (en). France 24 (2024-12-14). Dáta rochtana: 2024-12-17.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-12-16). "Na mílte marbh i Mayotte, meastar" (as ga-IE).
- ↑ euronews.com (16 Nollaig 2024). "Cyclone Chido : le bilan final pourrait atteindre "quelque milliers de morts"". fr.euronews.com. Dáta rochtana: 2024-12-17.
- ↑ Alexis Gail (2024-12-16). "Mayotte : le bilan humain est terrible, Macron fait une annonce importante" (fr). www.linternaute.com. Dáta rochtana: 2024-12-17.
| Is síol faoi thíreolaíocht na Fraince é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
