Maurizio Cattelan
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 21 Meán Fómhair 1960 65 bliana d'aois Padua, An Iodáil |
| Áit chónaithe | Viale Bligny |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Dealbhóireacht agus taibhealaín |
| Suíomh oibre | Criquetot-l'Esneval Nua-Eabhrac Milano Viale Bligny |
| Gairm | grianghrafadóir, péintéir, maisitheoir, taibhealaíontóir, ealaíntóir choincheapúil, ealaíontóir suiteáin, dealbhóir |
| Seánra | Ealaín choincheapúil agus ealaín suiteála |
| Teangacha | An Iodáilis |
| Gníomhaire | Galerie Emmanuel Perrotin agus Gailearaí Marian Goodman |
| Saothar | |
Saothar suntasach | |
Gradam a fuarthas
| |
| Suíomh gréasáin | mauriziocattelan.altervista.org |
Is ealaíontóir Iodálach é Maurizio Cattelan (a rugadh ar 21 Meán Fómhair 1960) a dhéanann suiteáin hipir-réalaíocha. Leanann conspóid i gcónaí é. Tugtar bobaire air uaireanta, a dhéanann gníomh gríosaithe ó am go ham. Rinne Maurizio Cattelan a chuid saothar is tábhachtaí i lár stairiúil Milano i Viale Bligny, áit ar chónaigh sé ar feadh i bhfad.
Is dealbhóir mór le rá é Cattelan chomh maith. Tá féinphortráid déanta aige - anois sa Museum Boijmans Van Beuningen - i bhfoirm dealbhóireachta agus é ag breathnú aníos as poll san urlár.[1]

Comedian (2019)[2]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2019, chruthaigh Cattelan píosa ealaíne bunaithe ar bhanana ... ghreamaigh sé banana den bhalla le téip. Comedian an t-ainm a thug sé ar an bpíosa ealaíne. Dhíol sé an phíosa ealaíne ar phraghas €120,000.[3][4]
In 2019, chuir David Datuna físeán in airde ar an idirlíon inar ith sé an banana.[5] Bhí banana nua curtha in airde. Is cosúil go gcuireann siad banana nua in airde gach trí lá ar aon nós.
Sa bhliain 2023, bhí Noh Huyn-soo ag tabhairt cuairte ar an Leeum Museum of Art, i Seoul, Chóiré. D’ith sé an banana ó Comedian. Chuir sé an craiceann ar ais ar an mballa faoin téip.[6]
I mí na Samhna 2024, cheannaigh Justin Sun ón tSín leagan den phíosa ealaíne ar €5.9 milliún. Fuair sé ceadúnas leagan den phíosa ealaíne a chruthú é féin le téip. Rinne sé é sin agus ina dhiaidh sin, ar an 29 Samhain 2024, d’ith sé an banana.[7] Dúirt sé go raibh blas réasúnta maith air.[8][9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Gabriel Rosenstock (17 Márta 2025). "Banana greamaithe de bhalla le téip dhuchta – saothar ealaíne?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-17.
- ↑ "Comedian (artwork)" (as en) (2025-03-01). Wikipedia.
- ↑ NPR (1 Bea 2023). "The guy who ate a $120,000 banana in an art museum says he was just hungry". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Graham Russell (2019-12-08). "Banana artwork that fetched $120,000 is eaten by 'hungry' artist" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-05-21.
- ↑ "David Datuna: Artist eats $120,000 banana art at gallery - BBC News" (as en) .
- ↑ maynoothuniversity.ie (Eleathanach 441, 15 Bealtaine 2023). "Píosa ealaíne blasta". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Amy Hawkins (2024-11-29). "Crypto entrepreneur eats banana art he bought for $6.2m" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-12-03.
- ↑ ELeathanach 483, 2 Nollaig 2024
- ↑ "Crypto boss eats banana artwork bought for $6.2m" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-12-03.