Maureen Connolly
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 17 Meán Fómhair 1934 San Diego, California | ||||||||||||||||
Bás | 21 Meitheamh 1969 34 bliana d'aois Dallas (Stáit Aontaithe Mheiriceá) | ||||||||||||||||
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse agus ailse ubhagáin) | ||||||||||||||||
Áit adhlactha | Hillcrest Cemetery (en) | ||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Southern Methodist University (en) | ||||||||||||||||
Airde | 1.65 m | ||||||||||||||||
Lámhcheannas | Deasógacht | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | imreoir leadóige | ||||||||||||||||
Tréimhse oibre | ? – Feabhra 1955 | ||||||||||||||||
Tír spóirt | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||||||||||||||
Spórt | leadóg | ||||||||||||||||
Lámh imeartha | deasógacht | ||||||||||||||||
Príomhchóitseálaí | Harry Hopman | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Teaghlach | |||||||||||||||||
Céile | Norman E. Brinker (1955–1969) | ||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | |||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | mcbtennis.org… | ||||||||||||||||
Imreoir leadóige Meiriceánach, de shliocht Éireannach, ab ea Maureen Connolly (17 Deireadh Fómhair 1934 - 21 Meitheamh 1969), agus duine de na himreoirí leadóige ab fhearr a bhí riamh ann.[1] Baisteadh ‘Little Mo’ uirthi.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]I San Diego i California a saolaíodh Maureen Connolly ar an 17 Deireadh Fómhair 1934. Oifigeach i gCabhlach Mheiriceá ab ea a hathair, Martin Connolly, agus ba as Montana dá máthair Jessamine. Scaradar siúd lena chéile nuair nach raibh an leanbh ach ceithre bliana d’aois.
Agus í ag éirí aníos, is éard a deirtí léi nuair a chuireadh sí tuairisc a hathar gurbh amhlaidh a maraíodh i dtimpiste é. Ní nach ionadh, chreid Maureen sin go dtáinig an lá gur thug sé cuairt uirthi in ospidéal agus cóir leighis ag dul ar ghortú a d’fhág go mb’éigean di éirí as an imirt agus gan í ach scór bliain d’aois.[1]
Agus í ag freastal ar an scoil bheag, bhí Maureen an-tógtha leis an leadóg. Ach ba i dtreo an cheoil a mhol a máthair di a dhul – ba cheoltóir gairmiúil an dara fear a phós sise.
Bhí sé fánach aici – bhí siad beirt cráite ag an gcailín beag agus í ag impí orthu raicéad leadóige a cheannach di. Bhí sí deich mbliana d’aois nuair a fuair sí a mian. $1.50 a tugadh air agus murar baineadh úsáid as – Maureen ag cleachtadh trí agus ceithre huaire an chloig in aghaidh an lae. Bhí an t-ádh freisin uirthi gur bhuail scoth an chóitseálaí léi – Eleanor ‘Teach’ Tennant.
Lasmuigh den chúirt leadóige, cailín óg séimh, mánla ab ea an Conghaileach. Ina cuid imeartha bhí sí fíochmhar agus fuil an bhua thar a bheith láidir ina cuislí. I 1947, agus gan í ach 13 bliana d’aois, d’imir sí i gcomórtas measctha dúbailte le Ted Schroeder a raibh craobhacha Wimbledon agus na Státaí buaite aige.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]An bhliain dár gcionn, 1948, bhí sí ar an mbean ab óige (14 bliana) a bhuaigh Craobh Náisiúnta na Stát Aontaithe riamh agus.
Ní raibh ‘Little Mo’ 17 bliana d’aois féin nuair a bhuaigh sí Craobh Náisiúnta na mBan sna Stáit Aontaithe i 1951, rud a rinne sí arís an bhliain dár gcionn agus arís i 1953. Ba í Seaimpín na mBan i Wimbledon i 1952 agus i 1954 í (tháinig sí go hÉirinn i ndiaidh na gcomórtas sin an dá bhliain chéanna gur bhuaigh sí Craobh na hÉireann).[1]
Sa bhliain 1953 rinne Connolly éacht nach raibh déanta ag aon imreoir leadóige ban riamh roimhe sin nuair a bhuaigh sí an Churadhmhír nó an Grand Slam – craobhacha na hAstráile agus na Fraince aici chomh maith le cinn Wimbledon agus na Státaí, in imeacht aon bhliain amháin. Ó shin d’éirigh le Margaret Court (1970) agus le Steffi Graf (1988) an gaisce céanna a dhéanamh, ach b’óige Connolly ná ceachtar acu.
Bhronn an Associated Press an gradam ‘Lúthchleasaí Mná na Bliana’ uirthi i 1951, 1952 agus 1953 agus ba í a bhí ar bharr Ord Fiúntais na mBan sa Leadóg i 1952, 1953 agus 1954.[1]
Gortú agus bás roimh am
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh Connolly na scór bliain féin nuair a bhain gortú di a d’fhág go raibh deireadh lena cuid imeartha. Ar dhroim capaill a bhí sí nuair a scanraíodh an t-ainmhí agus chaith sé an marcach isteach faoi leoraí. Déanadh praiseach dá cos agus cé go raibh súil ag Maureen féin agus ag na dochtúirí a bhí ag tabhairt aire di go mbeadh ar a cumas filleadh ar an imirt, ar an 22 Feabhra 1955 d’fhógair ‘Little Mo’ go raibh deireadh lena cuid imeartha – gan í 21 bliain d’aois féin.[1]
Agus í féin agus a fear céile ag cur fúthu i Dallas, bhuail ailse ubhagáin an Conghaileach agus bhásaigh sí ansiúd ar an 21 Meitheamh 1969 in aois a 34 bliain.[1]