Mastodon (bogearraí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaMastodon
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

SonógMasto Don (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósMastadán agus Mastodon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálseirbhís Ghréasáin
server software (en) Aistrigh
distributed social network (en) Aistrigh
bogearra saor
comhphobal ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh16 Márta 2016
Úsáideann sé/síActivityPub Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Cuid defediverse (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjoinmastodon.org Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: joinmastodon Twitter: joinmastodon Mastodon: Mastodon@mastodon.social LinkedIn: joinmastodon Youtube: UCXSPPy9mRo9tVnEwKOwo93g Patreon: mastodon GitHub: mastodon Cuir in eagar ar Wikidata

Bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce is ea Mastodon. Óstálann Mastodon líonraí sóisialta.

Feidhmiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil sé cosúil le Twitter ar bhealaí áirithe, ní hionann cur chuige Mastodon ar chor ar bith. Líonra sóisialta feidearálach díláraithe atá in Mastodon. 'Cearnóg' ollmhór amháin atá in Twitter, ach gréasán 'cearnóga' beaga atá in Mastodon.[1]

Tá Mastodon.ie ar cheann de na cearnóga sin, ach tá lear mór freastalaithe (nó ‘áscanna’,[2] sin an téarma oifigiúil) eile sa chruinne chónaidhmeach[3] darb ainm Mastodon: cuid acu réigiúnda, cuid acu dírithe ar réimse saoil nó ar theanga ar leith.

Is féidir le duine cuntas a chruthú ar cheann de na freastalaithe sin agus páirt a ghlacadh tríd an gcuntas sin i gcomhráite ar fhreastalaithe eile, leis.

Murab ionann is Twitter, níl algartam uilechumhachtach i gceannas ar Mastodon. Is é an t-úsáideoir agus an t-úsáideoir amháin a chuireann an amlíne i dtoll a chéile. Níl fógraí ann; ar Mastodon, breathnaítear go hamhrasach ar aon rud a mbíonn blas na fógraíochta nó na brandála pearsanta le brath air.[4] Gach rud leis an rud eile, tá an pobal níos cairdiúla i gcomparáid le Twitter.[1]

Tugtar ‘tútanna’ ar tvuíteanna ar Mastodon.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh an forbróir gréasáin, Eugen Rochko, an cód sa bhliain 2016 sa Ghearmáin.

Ó cheannaigh Elon Musk Twitter i mí Dheireadh Fómhair 2022, tá na céadta míle duine ar fud an domhain tar éis bailiú leo go Mastodon.

Gaeilge ar Mastodon.ie[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá pobal bríomhar Gaeilge ar Mastodon.ie cheana féin. Ach tá cuid mhór de na meáin (seachas TG4), de na foilsitheoirí agus de na heagraíochtaí in easnamh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Alex Hijmans (9 Samhain 2022). "Tá neart Gael bogtha go dtí Mastodon, mise ina measc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.
  2. 'instance' i mBéarla
  3. ‘fediverse’ i mBéarla
  4. Alex Hijmans (12 Samhain 2022). "Cén tairbhe a bhainfidh earnáil litríochta na Gaeilge as Mastodon?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-12.