Marwan Makhoul
(2014) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ar) مروان مخّول |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 2 Iúil 1979 45 bliana d'aois Peki'in (Iosrael) |
Áit chónaithe | Ma'alot-Tarshiha |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir, innealtóir sibhialta, gníomhaí ar son chearta an duine |
Seánra | Filíocht |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Araibis na Palaistíne, an Araibis, an Eabhrais Iosraelach agus an Eabhrais |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Lina Makhoul () |
File agus innealtóir sibhialta Palaistíneach é Marwan Makhoul (a rugadh ar an 2 Iúil 1979). Tá a saothar ceangailte go dlúth lena thír dhúchais agus is minic a bhaintear úsáid as línte ó cheann dá dhánta mar mhanaí ag agóidí ar fud an domhain in éadan chogadh Iosrael ar an Phalaistín.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is in Iosrael atá cónaí ar Marwan Makhoul ar de shliocht Palaistíneach agus Liobánach é. Palaistíneach ab ea athair Makhoul agus Liobánach a mháthair. D'fhás sé suas in Peki'in (nó Buqei'a nó البقيعة)[2] in Iosrael agus é timpeallaithe ag na sléibhte, tírdhreach a fhaightear go rábach ina chuid filíochta.
I gcaitheamh an chogaidh in Gaza sa bhliain 2023, bhain lucht agóide ina milliúin leas as dán leis ar fud an domhain:[3]
'chun go scríobhfainnse filíocht nach filíocht pholaitiúil í
ní mór dom éisteacht leis an éanlaith
agus chun an éanlaith a chlos
caithfidh na heitleáin chogaidh a bheith ina dtost'.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baineann filíochta Makhoul le himeallú na saoránach Arabach ann, agus le ceisteanna féiniúlachta pearsanta agus náisiúnta. Tráchtar i gcuid mhaith dá shaothar ar imeallú an phobail Arabaigh taobh istigh de stát Iosrael agus cíorann an file ceisteanna a bhaineann leis an aitheantas a thugtar agus nach dtugtar do Phalaistinígh sa stát sin, chomh maith le ceisteanna féiniúlachta – idir phearsanta agus náisiúnta.[1]
Ní dóigh leis go bhfuil foirmeacha dochta próis is filíochta ann níos mó agus tarraingíonn a shaothar as gnáthchaint na ndaoine chomh maith le foirmeacha diamhra den teanga. Is geall le cantaireacht a bhíonn ar siúl aige agus é ag aithris a chuid filíochta, agus is minic amhránaithe agus ceoltóirí á thionlacan.[4]
Dúirt Makhoul faoina shaothar. 'Guth atá ionamsa a insíonn don phobal faoina bhféiniúlacht, agus a bhfuil déanta againn chun an fhéiniúlacht sin a chaomhnú, mar Phalaistínigh, mar Arabaigh.'[3]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne filí Gaeilge éagsúla leaganacha Gaeilge dá shaothar sa bhliain 2024, mar atá Eibhlís Carcione, Louis de Paor, agus Áine Uí Fhoghlú, leaganacha a léadh ag imeacht de chuid IMRAM. Rinneach na haistriúcháin Ghaeilge ón mBéarla.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-04-25). "Dánta an fhile Phalaistínigh Marwan Makhoul aistrithe go Gaeilge" (as ga-IE).
- ↑ "Peki'in" (as en) (2024-04-25). Wikipedia.
- ↑ 3.0 3.1 "Filí na Gaeilge agus na Palaistíne, dráma nua le Micheál Ó Conghaile, ceol le ‘doecas’ agus ‘Cluas eile’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-28). Dáta rochtana: 2024-04-25.
- ↑ /peig.ie (2024-03-25). "ÉIST LEIS AN ÉANLAITH (IMRAM)" (ga-IE). /peig.ie. Dáta rochtana: 2024-04-25.