Mark Haddon
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 28 Deireadh Fómhair 1962 63 bliana d'aois Northampton, England |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Merton, Oxford Scoil Uppingham |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Gníomhaíocht liteartha, litríocht do pháistí, filíocht, scríbhneoireacht teilifíse, drámaíocht raidió agus maisiú leabhar |
| Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí, maisitheoir, scríbhneoir teilifíse, scríbhneoir scripte, file, úrscéalaí, drámadóir |
| Tréimhse oibre | 1987 – |
| Teangacha | Béarla |
| Saothar | |
Saothar suntasach | |
| Teaghlach | |
| Céile | Sos Eltis |
Gradam a fuarthas
| |
| Suíomh gréasáin | markhaddon.com |
Úrscéalaí Sasanach is ea Mark Haddon a rugadh ar 28 Deireadh Fómhair 1962 in Northampton. Bhain sé a chuid oideachais amach i scoil Uppingham agus i gColáiste Merton, Oxford.
I 2003, bhuaigh a leabhar The Curious Incident of the Dog in the Night-time Gradam Whitbread mar leabhar na bliana sin. Tugann an leabhar léargas fírinneach ar an saol atá ag duine a bhfuil an t-uathachas air. Dar le hagallamh leis an úrscéalaí ar Powells.com, ba é sin an chéad leabhar a scríobh sé a bhí dírithe d’aon ghnó ar dhaoine fásta; bhí ionadh air nuair a mhol a fhoilsitheoir dó an leabhar a mhargú i measc aosach agus páistí.
Scríobh Haddon an script d‘athchóiriú teilifíse, ar BBC, de scéal Raymond Brigg, Fungus the Bogeyman, a taispeánadh ar BBC One i 2004.
Tá sé pósta leis an Dr Sos Eltis, comhalta de chuid Choláiste Brasenose, Oxford.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |