Maria Ponomarenko
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 5 Meán Fómhair 1978 47 bliana d'aois Barnaul, An Rúis |
| Áit chónaithe | Barnaul |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | iriseoir, príosúnach polaitíochta |
| Fostóir | RusNews |
| Teangacha | An Rúisis |
Iriseoir agus easaontóir Rúiseach is ea Maria Ponomarenko (a rugadh ar an 5 Meán Fómhair 1978).[1]

Coireanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gabhadh Ponomarenko i mí na Bealtaine 2022 mar gheall ar thuairisc ar na mbuamáil a rinne an Rúis ar amharclann in Mariupol, inar maraíodh 300-600 duine. Thug Amnesty International “coir chogaidh” ar an ionsaí a rinne eitleáin Rúiseacha.[2]
Ar 16 Feabhra 2023, ghearr cúirt in Barnoul sa Rúis téarma príosúin sé bliana ar Ponomarenko tar éis í a chiontú ‘i bhfoilsiú bréagfhaisnéise’. Cuireadh ina leith freisin gur thug sí 'cogadh' (focal nach gceadaítear a rá) ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.
‘Ní cóir tírghrá a léiriú le coir,’ a dúirt Ponomarenko leis an gcúirt. Léirigh an cás an chinsireacht gan trócaire a cheileann an fhírinne faoi scéal na hÚcráine ar mhuintir na Rúise.[2]
Chuaigh sí ar stailc ocrais in 2024.[3]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá beirt pháistí ag Ponomarenko.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Russia: Journalist Maria Ponomarenko sentenced to six years in penal colony over Ukraine bombing post" (en). Amnesty International (2023-02-15). Dáta rochtana: 2023-02-19.
- 1 2 Cathal Mac Coille (18 Feabhra 2023). "Bliain de bhréaga, den chinedhíothú agus de mhórbhagairt na Rúise" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-18.
- ↑ RFE/RL's Siberia.Realities. "Jailed Russian Anti-War Journalist Starts Hunger Strike" (en). RadioFreeEurope/RadioLiberty. Dáta rochtana: 2025-02-16.