Marbhchrios
Is éard is marbhchrios[1] ann ná réimse san aigéan nach féidir le héisc, ribí róibéis, portáin nó péisteanna maireachtáil ann. Tá marbhchrios mór le rá i Murascaill Mheicsiceo, na mílte ciliméadar cearnach, ag fás ó rinneadh tomhas air timpeall 2000. Tá fuilligh na n-ainmhithe nár éirigh leo éalú scaipthe ar ghrinneall na farraige ann. Ní bhaineann an feiniméan seo leis an doirteadh ollmhór ola sa Mhurascaill i 2010, ach is féidir go gcuirfidh an doirteadh sin leis. Is amhlaidh nach bhfuil dóthain ocsaigine san uisce mar thoradh ar thruaillithe, i bhfoirm farasbarr cothaitheach, a iompraíodh isteach ann ag abhainn Mississippi. Meastar gur chuir ró-iascaireacht leis an bhfadhb freisin. Ní beag an fhadhb í seo: tógtar gabháil iasc is iasc sliogach ar luach $26 billiún as an Murascaill gach bliain, agus tá an iascaireacht sin i mbaol. Sampla cinniúnach de thruailliú an chomhshaoil ag daoine is ea é, agus is mar an gcéanna sa bhfarraige gar do bhéil aibhneacha móra is beaga ar fud an Domhain.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““marbhchrios” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-08-25.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Marbhchrios". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 438.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |