Marú na hApainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ar an 14 Bealtaine 1752 a tharla Marú na hApainn, nó Murt na h-Apainn mar a thugtar sa Ghaidhlig ar dhúnmharú Chailein Rua Caimbéil, agus ar chiontú Shéamais Stíobhaird sa dúnmharú, fear a crochadh san éagóir, mar a síleadh go coitianta ag an am.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Leitir Móir gar do Bhaile a’ Chaolais ar an 14 Bealtaine 1752, maraíodh Cailean Rua Caimbéal ó Ghleann an Iubhair nó an Sionnach Rua mar a tugadh air. Caitheadh an Caimbéalach sa droim, agus d’éalaigh an fear a chaith é. Gníomhaire de chuid an rialtais a bhí sa Chaimbéalach, agus é freagrach as na heastáit a baineadh de Chlann Stíobhaird i dTuaisceart Oirear Gael. Bhí cáil na Seacaibíteach ar Chlann Stíobhaird na hApainn, dream a cuireadh dá dtalamh ar ordú an Chaimbéalaigh, agus a rabhthas in amhras fúthu ó thús gurbh iad a mharaigh an Caimbéalach.

D’éalaigh an fear ba mhó a rabhthas in amhras faoi, Ailean Breac Stíobhaird agus gabhadh Séamas StíobhairdSéamas an Ghleanna mar a tugadh air, agus cuireadh an dúnmharú ina leith. Cé go raibh fianaise láidir ann nach raibh an Stíobhardach ar an láthair, ciontaíodh é as páirt a ghlacadh sa dúnmharú. Seoirseach a bhí sa bhreitheamh, Giolla Easpaig Caimbéal, 3ú Diúc Oirear Gael, taoiseach na gCaimbéalach; agus ba Chaimbéalaigh aon duine dhéag den 15 a bhí sa ghiúiré.[2]

Crochadh Séamas an Ghleanna ar an 8 Samhain 1752 i mBaile a’ Chaolais, agus mhaígh sé as a neamhchiontacht agus é ar an gcroch.

Sa Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duine a bhí i gCailean Rua Caimbéal a raibh an-ghean air, fiú i measc na Seacaibíteach. Go gairid sular maraíodh é, rinne an file Seacaibíteach Alasdair Mac Mhaighstir Alasdair magadh faoi dhílseachtaí an Chaimbéalaigh ina aoir "An Airce".

Sa dán, gealltar píonós do na Caimbéalaigh as tréas in aghaidh an fhíor-rí, agus gealltar díle mhór ar thailte na gCaimbéalach. Ordaítear don fhile aithris a dhéanamh ar Naoi agus áirc a thógáil chun na Caimbéalaigh atá dílis don Stíobhardach a thabhairt slán, ach gealltar fliuchadh ar dtús do chuid acu chun a dtréas a ghlanadh.

Ge toil leam Cailean Glinn Iubhair
B' fheàrr leam gu 'm b' iubhar 's nach b' fheàrna;
Bho 'n a threig e nàdur a mhuinntreach,
'S gann a dh' fhaodar cuim thoirt dà-san.
Cuir boiseid de ionmhas Righ Deorsa,
De smior an òir mu theis-meadhon;
'S ìobair e 'Neptun ge searbh e,
Mur grad-ainmich e 'n righ dlighneach.[3]

Chum Donnchadh Bàn Mac an t-Saoir marbhna ar Chailean Caimbéal, "Cumha Chailein Ghlinn Iubhair".

Is é an marú seo a bhí ina inspioráid ag an scríbhneoir Albanach Robert Louis Stevenson dá úrscéal clúiteach An Fuadach, agus is carachtair sa scéal na pearsana Ailean Breac Stíobhaird agus Séamas an Ghleanna.

Taighde Nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2001, dhearbhaigh Anda Penman, bean 89 bliain d’aois de shliocht thaoisigh Stíobhardach na hApainn, rún a bhí sa teaghlach le 250 bliain. Dúirt sí gur ceathrar de thaoisigh óga na Stíobhardach a shocraigh an Caimbéalach a mharú gan chead ó Shéamas an Ghleanna. Bhí sé ina chomórtas lámhaigh eatarthu agus roghnaíodh Dónall Stíobhaird ó Bhaile a’ Chaolais chun an beart a chur i gcrích.[4][5] De réir an scéil, bhí Dónall ag iarraidh é féin a thabhairt suas ach chuir a mhuintir stop leis. Cúpla bliain tar éis mharú Shéamais an Ghleanna, nuair a tugadh an corp ar ais dá mhuintir lena chur, ba é Dónall a bhí freagrach as níochán na gcnámh roimh an tsochraid.[6]

Ina mórthaighde ar Mharú na hApainn mheas an Dr Lee Holcombe, de réir na bhfianaisí, gurbh é Séamas an Ghleanna a d’ordaigh Cailean Caimbéal a lámhach. Shíl sí nárbh é Ailean Breac Stíobhairt, ach Dónall Stíobhairt, a chaith an piléar.[7]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "18th Century murder conviction 'should be quashed'". The Daily Telegraph.
  2. MacDonald, Rev. A. (1924). "The Poems of Alexander MacDonald (Mac Mhaighstir Alasdair)": 258–261. Inbhear Nis: Northern Counties Newspaper and Print. and Pub. Co.. 
  3. MacDonald, Rev. A. (1924). "The Poems of Alexander MacDonald (Mac Mhaighstir Alasdair)": 258–261. Inbhear Nis: Northern Counties Newspaper and Print. and Pub. Co.. 
  4. "The Appin murder: who killed Red Fox?".
  5. "Bloody Scots whodunit is 'solved' by US academic". (suíomh idirlín (lch 5))
  6. "The Appin murder: who killed Red Fox?".
  7. Holcombe, Lee (2004). "Ancient Animosity, The Appin Murder and the End of Scottish Rebellion". Bloomington, IN: Author House. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Nimmo, Ian (2005). "Walking with Murder: On the Kidnapped Trail". Birlinn Ltd, Clúdach bog. 
  • Gibson, Rosemary (January–February 2003). "The Appin Murder". History Scotland 3. 

Naisc Sheachtaracha[cuir in eagar | athraigh foinse]