Mainistir Mhucrois
Cuma
| Mainistir Mhucrois | ||||
|---|---|---|---|---|
| Sonraí | ||||
| Cineál | Abtheach | |||
| Foirgníocht | 15 haois | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Limistéar riaracháin | Contae Chiarraí, Éire | |||
| ||||
| Codanna | Muckross Abbey cloister (en) | |||
| Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
| Aitheantóir | 311 | |||
| ID GeoNames | 2962392 | |||
Bunaíodh Mainistir Mhucrois nó Mainistir Locha Léin sa 15ú céad agus tá cuma fíormhaith uirthi go fóill. Mainistir Phroinsiasach ab ea í. Tógadh an séipéal roimh an túr, agus is é seo an t-aon túr Proinsiasach in Éirinn atá chomh leathan leis an séipéal. Tá an mhainistir agus na foirgnimh go léir a bhaineann léi ina seasamh agus tá seanchrann iúir, Taxus baccata, i lár báire. Sa bhliain 1652, chuir lucht Chromail an ruaig ar na manaigh.

Sa 17ú agus sa 18ú céad, adhlacadh roinnt filí iomráiteacha na háite ann, Aogán Ó Rathaille agus Eoghan Rua Ó Súilleabháin.
