Maighnéató
Jump to navigation
Jump to search
Meaisín simplí is ea an maighnéató (maignéató nó adhmainteoir uaireanta) a ghineann sruth ailtéarnach leictreach, ar an bprionsabal go ngintear sruth nuair a ghluaiseann seoltóir trí réimse maighnéadach. I gcineál amháin, rothlaítear corna sreinge tanaí idir poil maighnéid U-chruthaigh (adhmaint). Úsáidtear é le hinnill dócháin inmheánaigh chun na spréachbhearnaí a fhuinnmhiú. Bíonn cineálacha eile ann a thugann fuinneamh do shoilse rothar.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |