Maighnéadaihidridinimic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar iarmhairtí réimsí leictreacha is maighnéadacha ar shreabháin leictreasheoltacha atá faoi ghluaisne is ea an mhaighnéadaihidridinimic.[1] Tá an-chuid taighde á dhéanamh ar phrionsabail mar seo chun fuinneamh leictreach a ghiniúint. Dóitear breosla, agus usáidtear an teas uaidh sin chun sreabhán seoltach a théamh go dtí timpeall 4000 °C is a chur ag gluaiseacht trí chomhiompar trí phoil maighnéid. Ionduchtaítear sruthanna leictreacha sa sreabhán, agus faightear an fuinneamh leictreach amach uaidh trí thadhall a dhéanamh le dhá thaobh an tsreabháin. Meastar gur féidir an fuinneamh leictreach a ghiniúint le coras mar seo le héifeacht 60%, i gcomparáid le gnáthchóras ginte inar féidir éifeacht 40% ar a mhéid a bhaint amach. Níl na córais is gá chun leictreachas a ghiniúint trí mhaignéadaihidridinimic ann fós, mar baineann fadhbanna le cur i bhfeidhm an phrionsabail, ach is dócha go mbeidh a leithéid ann sna blianta atá romhainn.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “magnetohydrodynamics” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-15.
  2. Hussey, Matt (2011). "Maighnéadaihidridinimic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 431.