Maidhc Cheannabháin
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | An tÁth Buí |
| Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | fíodóir |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Bhí Maidhc Cheannabháin ar na fíodóirí traidisiúnta deireanacha a bhí ag cleachtadh a cheirde i gConamara Theas. Rugadh agus tógadh ar an Áth Buí, Aille, Indreabhán é, mac le Pádraig Ó Ceannabháin as Ros Muc agus Máire Ní Chonghaile as an Tuairín.[1] Bhí a athair Pádraig ina fhíodóir, agus mhúin sé an cheird do Mháire, ansin d'fhoghlaim Maidhc an cheird ón bheirt acu.[1] Rinne Maidhc cornaí flainín sna 1950idí go dtí gur dúnadh monarcha snáithe Lydon i nGaillimh.
B'amhránaí sean-nóis den chéad scoth é freisin, cé nár ghlac sé páirt i gcomórtas amhránaíochta riamh. Bhí sé pósta le Peigín Ní Chéide agus bhí mac agus iníon acu.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.