Mahogany Gaspipe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesMahogany Gaspipe
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Bunaitheoir(í)Séamus Ó Maitiú
Mahogany Gaspipe

Lainseáladh an chéad eagrán de Mahogany Gaspipe i mí Dheireadh Fómhair 1980. Bhí an iris seo dírithe ar dhéagóirí agus bhí Séamus Ó Maitiú, meánmhúinteoir i Scoil na mBráithre Sraith an Iarthair, ina eagarthóir. Cuireadh an bhéim ar ábhar nua-aoiseach spreagúil, mar shampla altanna maidir le Jimmy Crowley, “The Police”, léirmheasanna scannán agus píosa beag faoin bpeileadóir Gerry Daly. Ghlac a bhean chéile Gráinne Uí Maitiú (láithreoir ar an gclár “SBB ina Shuí”) freagracht as an leagan amach. Chosain an iris 25 pingin agus díoladh míle cóip. Tháinig an dara heagrán amach i mí Nollag agus bhí agallamh le Johnny Logan san áireamh i measc na n-altanna.

Bronnadh an leas-eagarthóireacht ar Ruairí Ó Báille, meánmhúinteoir eile in 1981.

Tar éis bliain amháin, mhéadaigh an díolachán go sé mhíle cóip; “Ba í an iris Ghaeilge is mó díol ar domhan í” dar le Ó Maitiú.

D’oibrigh an fhoireann go páirtaimseartha agus ní bhfuair siad ach deontas beag ón rialtas. Chuaigh an iris as cló in 1984.

Sa bhliain 1998, d'iarr Bord na Gaeilge ar Ghael-Linn Mahogany Gaspipe a fhoilsiú an athuair, ach chuaigh sí as cló dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]