Madragal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is madragal ann ná amhrán ilfhónach, saolta gan tionlacan uirlisí de ghnáth. Saothraíodh go príomha é san Iodáil sa 16ú céad nuair a bhí Palestrina, Lassus, Gabrieli, Marenzio is eile i mbun a gceaptha. Meascán oiriúnach de stíl chordach is stíl chuntraphointeach, agus véarsaí tromchúiseacha is grámhara. Sa 17ú céad tháinig airíonna Barócacha isteach sna madragail Iodálacha (ceol aonair gutha, tionlacan continuo agus riachtanach iontu, i gceapadóireacht Monteverdi). Ar deireadh tháinig an chantáid ina ionad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Madragal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 429.