Jump to content

Continuo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.


Cleachtadh an-choiteann i gceol Barócach is ea an continuo, ina líontar amach an t-inneach armónach trí thagairt do dhordlíne le nodaireacht ar leith (an dord uimhrithe).

De ghnáth soláthraíonn gléas armóin, cosúil le cruitchorda, orgán, liút nó eile, neartaithe le dorduirlis shéiseach cosúil le dordveidhil, olldord, basún nó eile.[1]

Mar shampla, John Dowland agus Caccini



  1. Hussey, Matt (2011). "Continuo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 169.