Madadhán mac Gadhra Mhóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMadadhán mac Gadhra Mhóir
Beathaisnéis
Bás1008
Teaghlach
PáisteDiarmaid mac Madadháin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGadhra Mór mac Dúnadhaigh

Sinsear eapainmneach Uí Madadháin agus rí Síol Anmchadha ba ea Madadhán mac Gadhra Mhóir (bás 1008).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gadhra Mór mac Dúnadhaigh, a throid i gCath Chluain Tarbh sa bhliain 1014, ba ea athair Madadhán. Maraíodh a dheartháir, Cú Chonnacht (bás 1045), é sa bhliain 1008. Deirtear gur tigherna Shíol Anmchadha é ina thásc i nAnnála na gCeithre Máistrí.[1] Tá amhras ar Gerard Madden ámh go ndearnadh tiarna de, óir gur éirigh a athair ina rí an bhliain chéanna.

Níl aithne ar chlann Mhadagáin ach Diarmaid mac Madadháin (i réim 1032–1069). Ba é a mhacsa, Madadhán Reamhar Ua Madadháin (rí 1069-1096), an chéad duine a ghlac an sloinne Ó Madadháin.

Ina eagrán de Tribes and Customs of Hy-Many, luann John O'Donovan téacs scríofa agus Eoghan Ó Madadháin (bás 1347) beo, ina ndeirtear gur 'mac Madadháin saibhir, mac Gadhra shriain' é Madadhán.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • O'Madáin: History of the O'Maddens of Hy-Many, Gerard Madden, 2004. ISBN 0 9529511 77.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Réamhtheachtaí
Cú Chonnacht mac Dúnadhaigh
rí Síol Anmchadha
1006–1008
Comharba
Gadhra Mór mac Dúnadhaigh