Macraibheathaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

In ainm is a bheith mar chothú foirfe, a cuireadh chun cinn go luath sa 20ú céad faoi anáil Bhúdachas Zen. Sa scéim seo, bíonn gach bia yin (mar shampla, torthaí) nó yang (mar shampla, arán), agus moltar cothromaíocht ghéar den dá shaghas. Leagtar amach 7 leibhéal cothaithe mhacraibheathaigh, le 40-100% gránbhairr iontu. Níl aon fhianaise eolaíoch thurgnamach leis an leagan amach seo, agus is léir go mbeidh próitéin, agus ábhair riachtanach eile b'fhéidir, in easnamh i gcuid de na cothuithe seo, rud a fuarthas sna Stáit Aontaithe nuair a d'éirigh páistí míchothaithe ar chothú mar seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Macraibheathaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 428.