Makka Sagaipova

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Macca Sagaidhpova)
Infotaula de personaMakka Sagaipova
Beathaisnéis
Breith14 Feabhra 1987
37 bliana d'aois
Grozny, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Bakı Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2003 –
SeánraPopcheol
TeangachaAn Rúisis
UirlisCeol gutha

Amhránaí Seisniach í Makka Umarovna Sagaipova (Seisnis: Макка Умаровна Сагаипова). Rugadh Makka Sagaipova ar an 14 Feabhra 1987 i nGrozny na Seisnia. Tá amhráin scríofa aici i Rúisis agus i Seisnis. Tá an-ghnaoi ag na daoine óga uirthi mar úsáideann sí tacanna nua-aimseartha le seantéacsanna ina cuid amhrán. Is damhsóir í fosta i ngrúpa ceoil darb ainm Lovzar.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iníon an cheoltóra cairdín Úmar Sagaidhpóv í. Thosaigh sí ag canadh nuair a bhí sí 6 bliana d'aois, agus bhain sí páirt i ngrúpa ceoil Lovzar amach nuair a shroich sí 8 mbliana d'aois. Tá cónaí uirthi anois i Moscó. Téann sí go Coláiste Snagcheoil agus Popcheoil Moscó agus go Dámh Eacnamaíochta in Ollscoil an Stáit, Moscó. Tá dhá dhlúthdhiosca curtha amach aici.

Liosta amhrán[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Со хьа йоI ю - Нохчийчоь So ẋa yoj yu - Noxçiyçö (Is mise d'Iníon, a Sheisnia)
  • Даймохк Daymoxk (Tír dhúchais)
  • Вола Wola (Ag fanacht ar do theacht)
  • Ловзар Lowzar (Seinn)
  • Безам Bezam (Grá)
  • Мавлид Mawlid (Mavlid)
  • Шийла мох Şiyla mox (Gaoth Fhuar)
  • Бабийн кIант Babiyn khant (Mac Máthar)
  • Iаржи бIаргаш Jarżi bjärgaş (Súile Dhubha)
  • Денош Denoş (Laethanta)
  • Sa Gat Del (Anam Loiscneach)
  • Люблю тебя (Táim i nGrá Leat)
  • ГIургIезаш Ġurġezaş (Crainn Tógála)
  • ЦайогIиту Cayoġitu (Ní Ligeann Siad Dom)
  • Хаза кIант Xaza khant (Buachaill Álainn)
  • Сатийсар Satiysar
  • Хаза йоI Xaza yoj (Cailín Álainn)
  • Хьабиби Ẋabibi (Mo Stór)
  • Ревнивый Кавказ Revníví Cavcas (An Cugas Éadmhar)
  • Кийра цIелетта Kiyra ċeletta
  • Са ойла хьоца ю Sa oyla ẋoca yu
  • Хьоца Бен Дахар дац Ẋoca Ben Daxar dac
  • Сирла седа Sirla seda
  • Ахь дIа Хаита Aẋ dja Xaita

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]