Macall
Cuma
Geum | |
---|---|
Geum coccineum | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Rosales |
Fine | Rosaceae |
Géineas | Geum L., 1753 |
Tá dhá phlanda leis an ainm seo ann, iad araon dúchasach do réigiúin mheasartha. Is planda díreach ilbhliantúil a fhásann timpeall 60 cm ar airde an macall coille, a dtugtar luibh Bennett air freisin. Bíonn na duilleoga roinnte i nduilleoigíní beaga éagothroma le duilleoigín mór foirceanta maothánach, na bláthanna cúigpheitealach ingearach buí le peitil spréite, gob crúcach ar na torthaí a dhéanann ceann cosúil le leadán. Tá an macall uisce cosúil leis seo, ach a bhláthanna babhla-chruthach cromtha, le peitil scothbhándearga.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Macall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 427.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |